Beidh Údarás na Gaeltachta ag tacú le Tionól Náisiúnta Intleachta Saorga TechIreland 2026, a bheidh ar siúl i nGaillimh Déardaoin, an 24 Meán Fómhair.
Tabharfaidh an t-imeacht ceannairí tionscail, saineolaithe teicneolaíochta, lucht déanta beartas agus nuálaithe le chéile chun plé a dhéanamh ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le húsáid na hintleachta saorga in Éirinn.
Osclóidh an tAire Stáit um Chur Chun Cinn Trádála, Intleacht Shaorga agus Claochlú Digiteach, Niamh Smyth, an tionól go hoifigiúil. Is í seo an dara bliain as a chéile a osclóidh sí an t-imeacht agus í ag filleadh ar Ghaillimh i ndiaidh di freastal air anuraidh.
Beidh an tionól mar bhuaicphointe ar Chomórtas Náisiúnta Intleachta Saorga TechIreland 2026 freisin. Mheall an comórtas beagnach 1,000 clárú ó gach cearn den tír agus ó Thuaisceart Éireann, méadú nach mór 100 faoin gcéad ar an líon a ghlac páirt anuraidh.
Dúirt an tAire Smyth go raibh luas an athraithe i réimse na hintleachta saorga le bliain anuas fíorshuntasach.
“Tá aistrithe againn ó bheith ag iniúchadh fhéidearthachtaí na hintleachta saorga go dtí an dúshlán praiticiúil a bhaineann lena glacadh go freagrach inár ngnólachtaí agus inár n-eagraíochtaí,” a dúirt sí.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, go léiríonn teacht le chéile na gceannairí tionscail i nGaillimh an cháil atá ar an réigiún mar ionad barr feabhais teicneolaíochta.
Dúirt sé go bhfuil an tÚdarás ag súil le tuilleadh a fhoghlaim faoin gcaoi a bhféadfaí leas a bhaint as an intleacht shaorga chun forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh sa Ghaeltacht.
Dar leis, d’fhéadfadh an teicneolaíocht cabhrú le gnólachtaí Gaeltachta a bheith níos nuálaí agus níos iomaíche, agus deiseanna nua fostaíochta a chruthú. Beidh béim ar leith freisin ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an intleacht shaorga i dtacú leis an nGaeilge agus lena húsáid sa saol digiteach.