
Bhuel, chuir Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, an lasair a chur sa bharrach gan dabht ar bith lena chuid cainte faoi athaontú na hÉireann a bheith dosheachanta agus somhianaithe, caint a chuir fearg mhór ar eite dheas na Breataine agus ar an Taoiseach Micheál Martin.
Go stairiúil ní raibh aon spéis ag uachtaráin Mheiriceá rud ar bith a rá faoin ábhar sin. Sular thug sé cuairt ar Éirinn sna seascaidí, mar shampla, leag John F Kennedy sios go láidir nach ndearfadh se aon rud faoi athaontú.
Agus ba é Clinton an chéad uachtarán Meiriceánach a bhí sásta brú ar bith a chur ar Shasana faoin scéal.
Bheifí ag ceapadh mar sin go gcuirfeadh ceannaire Éireannach ar bith fáilte mhór roimh chaint Trump. Ach a mhalairt atá fíor. Chuir sé as go mor do Mhicheál Martin go ndúirt Trump a ndúirt. Agus in ionad fáilte ar bith a chur roimh an gcaint dhein sé a dhícheall beag a dhéanamh de.