Bhí sé de phribhléid agam a bheith i láthair thar ceann An Páipéar nuair a rinne Raidió Fáilte ceiliúradh ar 20 bliain ó bronnadh ceadúnas oifigiúil craolacháin air i Halla na Cathrach, Béal Feirste, oíche Dé hAoine seo caite. Ba cheiliúradh é ar stáisiún pobail ceannródaíoch, ach ba dheis é freisin aitheantas a thabhairt don ardchaighdeán atá bainte amach ag meáin na Gaeilge.

Thagair an Coimisinéir Gaeilge, Pól Deeds, ina óráid don chaighdeán ard atá le sonrú san earnáil. Bhí an ceart aige. Ní seirbhísí imeallacha iad na meáin Ghaeilge. Cuirtear iriseoireacht ghéar, cláir nuachta inchreidte, siamsaíocht chruthaitheach agus craoltóireacht phobail den scoth ar fáil trí Ghaeilge gach lá.

Is sampla suntasach é Raidió Fáilte den mhéid is féidir a bhaint amach nuair a bhíonn fís, dúthracht agus dlúthcheangal leis an bpobal ann. Le fiche bliain anuas, thug an stáisiún ardán do ghlórtha Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin. Tugadh deiseanna do chraoltóirí óga agus cruthaíodh spás inar féidir leis an nGaeilge a bheith nádúrtha, comhaimseartha agus muiníneach.

Tugadh aitheantas tuillte don obair cheannródaíoch sin nuair a bronnadh gradam speisialta ar Fergus Ó hÍr, duine de bhunaitheoirí Raidió Fáilte, ag an gceiliúradh. Ní hamháin gur aitheantas pearsanta a bhí ann, ach comhartha buíochais as an bhfís agus as an obair dheonach a chuir bonn faoin stáisiún. Léiríonn an turas ó thionscnamh pobail go seirbhís raidió seanbhunaithe an méid is féidir le pobal tiomanta a bhaint amach.

Tháinig aitheantas eile ar chaighdeán na craoltóireachta Gaeilge an tseachtain seo nuair a ionduchtaíodh Helen Ní Shé, iarláithreoir An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, i Halla na Laoch de chuid Ghradaim Raidió IMRO. Ar feadh beagnach 40 bliain chuir sí scéalta agus guthanna na Gaeltachta i láthair le géarchúis, greann agus daonnacht. Is onóir di féin é, ach is aitheantas náisiúnta é freisin do thábhacht na craoltóireachta Gaeilge.

Fógrófar gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais an tseachtain seo chugainn. Tabharfaidh sé léargas eile ar shaibhreas na hoibre atá á déanamh ag iriseoirí, craoltóirí, colúnaithe agus cruthaitheoirí ábhair Gaeilge.

Níor cheart, áfach, glacadh leis go mairfidh an caighdeán sin gan infheistíocht. Teastaíonn maoiniú seasmhach, poist inmharthana agus deiseanna forbartha. Tá an tallann, an díograis agus an t-ardchaighdeán ann. Is é an dúshlán anois ná na hacmhainní agus an meas atá tuillte ag meáin na Gaeilge a thabhairt dóibh.

Cóilín Duffy

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.