Tá costais arda tithíochta ag cur brú ollmhór ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus ag cur le méadú na bochtaineachta leanaí, dar le Barnardos.
Léiríonn taighde nua ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) gur tháinig ardú géar ar bhochtaineacht leanaí in Éirinn, in ainneoin fás láidir ar mheánioncaim. Tá leanbh amháin as gach deichniúr gan bunriachtanais agus tá thart ar 200,000 leanbh ina gcónaí i dteaghlaigh faoi bhun thairseach na bochtaineachta.
Dúirt bainisteoir beartais náisiúnta Barnardos, Stephen Moffatt, gurb iad teaghlaigh ar ioncam íseal is mó a d’fhulaing de bharr an bhoilscithe, mar nár ardaigh a dtuarastal ar aon dul le praghsanna. Tá páistí áirithe gan teas cuí sa bhaile, éadaí oiriúnacha ná deis páirt a ghlacadh in imeachtaí cultúrtha agus spóirt, a dúirt sé.