Michael Healy-Rae ar ais i gCiarraí tar éis ionsaí i mBaile Átha Cliath

Tá an Teachta Dála neamhspleách Michael Healy-Rae ar ais sa bhaile i gCill Gharbháin, Contae Chiarraí, tar éis dó gortuithe a fhulaingt in ionsaí i lár Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Céadaoin.

Dúirt a theaghlach go gcaithfidh sé na laethanta amach romhainn ag ligean a scíthe agus é ag teacht chuige féin. Scaoileadh amach as Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann é díreach roimh 9 pm oíche Dé Céadaoin. Bhí greamanna de dhíth air mar gheall ar chréacht a bhain dá cheann.

Tharla an t-ionsaí go gairid tar éis 4 pm ar Shráid Chorcaí, nuair a bhí carr an Teachta Dála ó Chiarraí stoptha sa trácht. D’ionsaigh fear aonair é agus é ina shuí sa charr. Bhí an t-iar-aire stáit i dTeach Laighean níos luaithe sa lá agus bhí sé ar a bhealach abhaile nuair a tharla an eachtra.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.