Cead tuismitheora de dhíth ar dhaoine faoi 15 faoi phlean nua AE

Ní bheidh páistí ná déagóirí faoi bhun 15 bliana d’aois in ann cuntas meán sóisialta a oscailt gan cead sainráite ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir, de réir dréachtphleananna nua atá curtha chun cinn ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen.

Nocht von der Leyen an moladh, ar a dtugtar an “Acht AE na bPáistí”, ina haitheasc bliantúil ar Staid an Aontais os comhair Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg Dé Céadaoin. Thug sí féin agus Henna Virkkunen, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas, tuilleadh sonraí faoin bplean Déardaoin.

Tá sé mar aidhm leis na bearta rochtain páistí agus déagóirí ar ardáin na meán sóisialta a chosc nó a chur siar. Cé nach bhfuil aois shonrach dheiridh socraithe go fóill, meastar go mbeidh ceithre leibhéal cosanta sa dréachtphlean.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.