Toscaireacht Meiriceánach dúchasach ar cuairt i nDoire ar feadh seachtaine

Krystal Two Bulls ag caint ag Campas Mhig Aoidh d’Ollscoil Uladh i nDoire
Grianghraf: Caolán McGinley

Breis agus 40 bliain ó thug gníomhaithe de chuid an AIM, gluaiseacht dúchasach Meiriceánach, go Doire, tá toscaireacht ar ais sa chathair agus dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta á plé acu.

Tháinig Clyde Bellecourt, Floyd Westerman agus Billy of the Five Nations, mar chuid den toscaireacht in 1985 chun siúl le teaghlaigh Dhomhnach na Fola mar chuid de chomóradh na bliana sin. 

Tháinig an toscaireacht Dé Luain agus tá siad ar cuairt mar chuid de Shíocháin agus Coimhlint Idirnáisiúnta Dhoire, agus á óstáil ag Iontaobhas Dhomhnach na Fola.

Tá an grúpa comhdhéanta de ghníomhaithe, ceannairí pobail, ealaíontóirí agus eagraithe, atá ag obair ar roinnt ábhar amhail ceannas, cearta talaimh, ceart timpeallachta, caomhnú cultúrtha, agus eagrúchán phobail.

Sa toscaireacht tá Krystal Two Bulls, Chey Morgan, Joseph White Eyes, Big Wind Carpenter, Rafael ‘Tufawon’ Gonzalez Jr., Lynette Two Bulls, agus Mato White Plume.

Dúirt Tony Doherty, Cathaoirleach Iontaobhas Dhomhnach na Fola, faoin chuairt go bhfuil ‘an-spéis againn ar chúrsaí saoil atá acu, na streacháiltí atá acu sna Stáit Aontaithe, agus tá muid ag dúil le labhairt leo maidir le cearta teanga, cearta polaitiúla, agus cearta talaimh, cearta atá tábhachtach dóibh agus tábhachtach dúinn.’

Agus iad i nDoire d’fhoghlaim siad faoi stair na cathrach, ach fosta ag roinnt a staire agus a scéalta le muintir Dhoire, agus gníomhaithe ó fud fad na sé chontae. 

Dúirt Krystal Two Bulls le linn fáiltiú don toiscaireacht i gcampas ollscoile Mhig Aoidh, go raibh siad an-sásta a bheith sa chathair agus go raibh siad ag dúil go mór le gníomhartha a leagan síos chun comhoibriú le muintir Dhoire. 

Chomh maith leis sin ghlac siad páirt i rang Gaeilge i gCultúrlann Uí Chanáin, agus oíche Déardaoin bhí cruinniú poiblí ann ina raibh caint faoi streachailt na mbundúchasach agus deis ag daoine plé a dhéanamh faoi dhlúthpháirtíocht idirnáisiúnta. 

Chun deireadh a chur lena turas, bhí ceardlann eagraithe ag plé na ndóigheanna ar féidir pleanáil don dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.