Coimisiún na Meán ag dul sa tóir ar X 

An tseachtain seo chuir Coimisiún na Meán tús leis an gcéad fhiosrúchán foirmiúil riamh faoi Chód Sábháilteachta ar Líne na hÉireann, agus iad ag díriú ar an ardán X. Tá an rialtóir ag maíomh go hoifigiúil nach bhfuil leanaí á gcosaint i gceart ó phornagrafaíocht, ó fhoréigean tromchúiseach, agus ó ghníomhartha cruálachta ar an tseirbhís.

Tá grinnscrúdú faoi leith á dhéanamh ar chórais dearbhaithe aoise X, áit a bhfuil sé soiléirithe ag an gCoimisiún nach leor d’úsáideoir a aois féin a lua gan aon fhíorú eile. Tá an rialtóir ag imscrúdú an bhfuil rialuithe tuismitheoirí ar X éifeachtach, an bhfuil na híosfheidhmeanna reachtúla acu, agus an gcuirtear ar fáil iad do dhaoine agus iad ag cruthú cuntais nua.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.