Cliseadh tubaisteach i ndán don Úcráin

Tá an cogadh san Úcráin ag druidim chun deiridh ag an bpointe seo agus níl aon amhras faoi ach go bhfuil an lámh in uachtar ag na Rúisigh. Ní féidir, ar ndóigh, tréimhse ama cinnte a leagan síos maidir le cé chomh fada a leanfaidh sé ar aghaidh, ach is cinnte go bhfuil sochaí na hÚcráine ag deireadh na feide. I gcogadh tnáite den chineál seo, cosúil leis an gCogadh Mór a troideadh sna trinsí breis agus céad bliain ó shin, bíonn an bua ag an taobh atá in ann leanúint ar aghaidh níos faide.

Bhí buntáiste riamh ag na Rúisigh i dtaobh sliogán, drónanna, diúracán, córais armtha nua, soláthar tionsclaíochta agus fir throda is féidir a earcú, ní hamháin i gcoinne na hÚcráine, ach i gcoinne chumas cogaíochta ECAT, a bhfuil dlúthbhaint acu leis an gcogadh ón tús.  Dar leis na Rúisigh is cogadh eatarthu féin agus ECAT atá ann, comhghuaillíocht a chuimsíonn na Meiriceánaigh agus na hEorpaigh go bunúsach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.