Cuntas infheistíochta nua le seoladh an bhliain seo chugainn

Tá sonraí faoi scéim nua cuntas infheistíochta pearsanta fógartha ag an rialtas, scéim a bhfuil sé mar aidhm aici infheistíocht a dhéanamh níos simplí agus níos inrochtana don phobal.

Meastar go mbeidh na cuntais, a mbeidh tacaíocht an stáit acu, ar fáil ó lár na bliana seo chugainn. Beidh tairseach saor ó cháin ag baint leo agus gearrfar ráta cánach íseal comhréidh ar aon toradh os cionn na tairsí sin.

Ní bheidh aon íosmhéid infheistíochta ná tréimhse éigeantach choinneála i gceist. Beidh daoine in ann airgead a aistarraingt de réir mar is gá agus a gcuntas a aistriú idir soláthraithe gan dliteanas cánach a chruthú.

Fógrófar méid na tairsí saor ó cháin, an ráta cánach agus an teorainn bhliantúil ranníocaíochta mar chuid de Bhuiséad 2027 an 6 Deireadh Fómhair. Ní bheidh cead ag duine níos mó ná cuntas amháin a bheith aige agus beidh ar infheisteoirí a bheith os cionn 18 mbliana d’aois agus uimhir PSP a bheith acu.

Beifear in ann infheistíocht a dhéanamh i scaireanna agus bannaí liostaithe, i gcistí atá oiriúnach d’infheisteoirí miondíola agus in ionstraimí airgeadais eile a thrádáiltear ar mhargaí rialáilte. Ní cheadófar táirgí fíorchasta nó ardriosca, amhail díorthaigh agus criptea-shócmhainní.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris, go bhfuil muintir na hÉireann maith ag cur airgid i dtaisce ach go bhfuil leibhéal na hinfheistíochta dírí miondíola sách íseal.

Dar leis, cuirfidh an cuntas rogha phraiticiúil eile ar fáil trí chineálacha éagsúla infheistíochta a thabhairt le chéile agus an riarachán cánach a bhaint den duine aonair.

Chuir sé béim, áfach, ar an riosca a bhaineann le hinfheistíocht agus dúirt sé nach mbeadh an scéim oiriúnach do chách. Is fearr breathnú ar infheistíocht thar an meántéarma nó an fadtéarma, a dúirt sé.

D’fháiltigh Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann roimh an moladh, ach dúirt saineolaithe airgeadais go gcinnfeadh an tairseach saor ó cháin, an ráta cánach agus an teorainn ranníocaíochta cé chomh tarraingteach agus a bheadh an cuntas i ndáiríre.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.