Tá vóta ollmhór tugtha ag baill cheardchumann Fórsa atá fostaithe san earnáil phoiblí i bhfabhar gníomhaíocht thionsclaíoch, suas go dtí agus lena n-áirítear dul ar stailc, mar gheall ar an aighneas faoi phá.
I mballóid ina raibh breis agus 64,000 ball i dteideal vóta a chaitheamh, thacaigh 96.6% díobh le gníomhaíocht thionsclaíoch. Is é Fórsa an ceardchumann is mó san earnáil phoiblí sa tír.
Dúirt Ard-Rúnaí Fórsa, Kevin Callinan, gurbh í seo an bhallóid stailce ba mhó a reáchtáil ceardchumann riamh in Éirinn. Thug sé le fios, áfach, gur dócha nach bhféadfaí tús a chur le haon ghníomhaíocht go dtí deireadh na míosa.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!