Diúltaíonn an Íoslainn do chainteanna maidir le ballraíocht a ghlacadh san Aontas Eorpach

Céim ar gcúl don Aontas Eorpach ba ea toradh reifreann na hÍoslainne i dtaobh cainteanna a chur sa siúl arís maidir le ballraíocht san Aontas.

Dhiúltaigh na vótálaithe 52.8% in aghaidh 47.2% do mholadh an rialtais cainteanna faoi bhallraíocht a thosú arís.

Bhí cleas soiléir ag an rialtas sa chaoi ar chuir siad an moladh le chéile, mar bhí sé intuigthe ón tús go mbeadh reifreann eile ann i dtaobh aon socrú ballraíochta a thiocfadh as cainteanna. Cé a bheadh i gcoinne cainteanna oscailte gan réamhchoinníoll ar bith ar mhaithe le heolas a fháil faoin socrú a d’fhéadfadh a bheith ann?

Níor shlog pobal na hÍoslainne é beag ná mór.

Is sa phríomhchathair, Réicivíc, amháin a bhí móramh ann don mholadh, i measc lucht airgeadais agus riaracháin, ach bhí an vóta sin báite ag vótaí ón muintir faoin tuath. Deirtear gur vótáil 90% de lucht iascaireachta na tíre i gcoinne an rúin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.