Cad é mar a réiteofá fadhb cosúil leis an achrann faoi Dhroim Crí arís?

Tá an t-achrann maidir le mórshiúl Oráisteach i nDroim Crí ag tarlú le blianta fada sna sé chontae. Bhí na blianta is conspóidí agus is foréigní idir 1995 agus 2000 nuair a bhí an fócas ar fad ar Bhóthar Gharbhachadh. 

Bhí Bhain roinnt dúnmharuithe leis an achrann, dúnmharú sibhialtach amhail Michael McGoldrick agus Rosemary Nelson, agus dúnmharú an phóilín Frank O’Reilly. An ceann a d’fhág an tionchar is mó, áfach, ná dúnmharú pháistí Quinn. Dúnmharaíodh an triúr páistí, Jason, Mark, agus Richard, a bhí idir 9 agus bliain déag d’aois, ina dteach nuair a rinneadh ionsaí buama loiscnigh air in 1998. 

Cuireadh cosc ar an mhórshiúl dul síos Bóthar Gharbhachaidh an bhliain sin, agus in ainneoin éileamh ón Ord Oráisteach, ó 2001 ar aghaidh bhí rudaí suaimhneach go leor.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.