
Tá cúigear taibhealaíontóirí roghnaithe ag an Oireachtas don scéim chónaitheach nua I Láthair, a thabharfaidh deis dóibh a gcleachtas ealaíne a fhorbairt agus saothair úra a chruthú in ionaid ealaíon agus chultúrtha ar fud na tíre.
Tá an scéim dírithe ar thaibhealaíontóirí Gaeilge atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht agus a bhfuil an teanga mar chuid lárnach dá saothar. Tabharfaidh na daoine a roghnaíodh faoi thréimhsí cónaitheachta a mhairfidh idir ocht agus deich seachtaine. Cuirfear na cónaitheachtaí ar bun idir seo agus deireadh mhí na Samhna 2027.
Roghnaíodh HK Ní Shioradáin, a bhíonn ag obair i réimse na drámaíochta, le haghaidh cónaitheachta in An Carn i gCarn Tóchair. Beidh an t-aisteoir agus scríbhneoir Róisín Sheehy lonnaithe in Ionad Ealaíon Naomh Eoin i Lios Tuathail dá tréimhse chónaitheachta féin.
I réimse na hamhránaíochta, tabharfaidh Niamh Ní Rúiséil faoi chónaitheacht in Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh i gCaisleán an Bharraigh. Beidh Ciara McCrickard ag obair in Amharclann na Tána i nDún Dealgan.
Is é Diarmuid de Brún an cúigiú taibhealaíontóir a roghnaíodh. Is in Amharclann an Civic i dTamhlacht a chuirfidh sé a chónaitheacht drámaíochta i gcrích.
Le linn na dtréimhsí cónaitheachta, beidh deis ag an gcúigear díriú ar fhorbairt a gcleachtais féin agus saothar nua a chruthú. Beidh siad ag obair go dlúth freisin leis na hionaid óstacha agus leis na pobail áitiúla trí chlár gníomhaíochtaí rannpháirtíochta.
Táthar ag súil go gcuideoidh an cur chuige sin leis na taibhealaíona Gaeilge a thabhairt os comhair lucht féachana níos leithne agus naisc bhuana a chothú idir taibhealaíontóirí, pobail agus ionaid chultúrtha i gceantair éagsúla.
Dúirt Muireann Ní Dhroighneáin, Comhordaitheoir Náisiúnta na dTaibhealaíon Teangabhunaithe, gur chúis áthais don Oireachtas ainmneacha na dtaibhealaíontóirí a fógraíodh don scéim.
“Is céim shuntasach í an scéim seo i neartú na dtaibhealaíon teangabhunaithe Gaeilge, ag tabhairt deiseanna do thaibhealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí nua a chothú le pobail agus le hionaid ealaíon ar fud na tíre,” a dúirt sí.
Dúirt Ní Dhroighneáin go raibh súil ag an Oireachtas go gcuirfeadh na cónaitheachtaí le láithreacht na dtaibhealaíon Gaeilge, go neartóidís an caidreamh idir ealaíontóirí agus pobail agus go leathnóidís an lucht féachana atá ann don earnáil.
Tá I Láthair mar chuid de chlár forbartha an Oireachtais do na taibhealaíona teangabhunaithe Gaeilge. Tacaíonn an tionscnamh le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge.
Tá tuilleadh eolais faoin scéim agus faoi thacaíochtaí eile an Oireachtais do na taibhealaíona Gaeilge ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.