Tá liosta ainmneacha na stoirmeacha don 12 mhí amach romhainn fógartha ag Met Éireann, ag Oifig Meitéareolaíochta na Breataine agus ag seirbhís aimsire na hÍsiltíre, KNMI.
Tá 21 ainm ar an liosta don séasúr 2026/2027. Is iad Austen, Boelo agus Chloe na chéad ainmneacha a úsáidfear, agus ina ndiaidh sin beidh Dano, Evelyn, Finn, Gwendolyn, Heather, Ivy, Jade, Kilian, Laoise, Miriam, Nicola, Olaf, Phelim, Ruban, Shaun, Theo, Vesna agus Wende.
Bhí gach ceann de na trí eagraíocht freagrach as seacht n-ainm a roghnú. Roghnaigh Met Éireann ceithre ainm a bhfuil tábhacht stairiúil leo — Austen, Evelyn, Kilian agus Miriam — agus an tseirbhís ag ceiliúradh 90 bliain ó bunaíodh Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann in 1936.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!