Tionchar fadtéarmach ag eispéiris luatha ar thorthaí oideachais de réir staidéir

Tá tionchar suntasach ag eispéiris luatha, dearcadh leanaí ar an scoil, ionchais a dtuismitheoirí agus cúinsí socheacnamaíocha ar a dtorthaí oideachais níos déanaí sa saol, de réir léargas nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh (POS).

Foilsíodh 20 léargas oideachais Dé Máirt chun comóradh a dhéanamh ar 20 bliain den staidéar Fás Aníos in Éirinn, an staidéar fadaimseartha is faide sa tír ar leanaí agus ar dhaoine óga. Tá breis agus 30,000 duine san áireamh ann thar thrí chohórt a rugadh in 1998, 2008 agus 2024.

Léiríonn na torthaí tábhacht an oideachais sna luathbhlianta. Bhain 96% de leanaí cúig bliana d’aois i gCohórt ’08 leas as an mbliain réamhscoile saor in aisce faoin Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige. Dúirt timpeall ceathrú de na teaghlaigh nach mbeadh sé d’acmhainn acu a leanbh a chur chuig réamhscoil murach an scéim.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.