Gairdín Eorpach bronnta ar mhuintir Chorcaí mar oidhreacht bhuan

Bhronn Coimisinéir AE na hÉireann, Michael McGrath, gairdín a bhfuil duaiseanna buaite aige ar mhuintir Chorcaí ag searmanas speisialta an tseachtain seo.

Cruthaíodh an gairdín, dar teideal Shared Roots, Common Shade, chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus cuairt Choláiste na gCoimisinéirí ar Chathair Chorcaí an samhradh seo a chomóradh.

Ghlac Ard-Mhéara Chorcaí, an Comhairleoir Damian Boylan, leis an ngairdín go foirmiúil thar ceann mhuintir na cathrach. Tá baile buan faighte aige anois ar phromanáid na Marina, ar bhruach na Laoi.

Dúirt an tArd-Mhéara gur mhór an onóir dó glacadh leis an ngairdín, a bheidh ina oidhreacht bhuan ag muintir Chorcaí. Dar leis, is meabhrúchán cumhachtach é ar na naisc idir Corcaigh agus pobail ar fud na hEorpa agus cruthóidh sé áit nua inar féidir le daoine teacht le chéile agus machnamh a dhéanamh ar na nithe a aontaíonn muintir na hEorpa.

Dúirt Michael McGrath go léiríonn an gairdín an neart a eascraíonn as comhoibriú. Faoi mar a chuireann gach crann le sláinte agus áilleacht foraoise, a dúirt sé, tá ról ag gach Ballstát i múnlú thodhchaí na hEorpa.

Tá 27 crann i gcroílár an ghairdín, ceann amháin do gach Ballstát den Aontas Eorpach. Seasann siad don aontacht, don chomhoibriú agus don iarracht chomhchoiteann atá riachtanach chun Eoraip athléimneach rathúil a fhorbairt. Tá cuid de na crainn níos mó ná seacht méadar ar airde.

Ba iad Oliver agus Liat Schurmann a dhear an gairdín, a bhí ar cheann de phríomhphíosaí Fhéile Bloom Bhord Bia i mbliana. Iompraíodh ó Bhaile Átha Cliath é agus rinne foireann Rannóg Páirceanna Chomhairle Cathrach Chorcaí é a shuiteáil ar an Marina.

Tá crann mianta taobh leis freisin, áit ar féidir le cuairteoirí a ndóchas do thodhchaí na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh a roinnt.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.