Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcuirfeadh na rialacha nua atá beartaithe do dhaoine atá ag lorg saoránacht Éireannach an tír ar aon dul níos fearr le ballstáit eile den Aontas Eorpach.
Tá an tAire Dlí agus Cirt agus Imirce, Jim O’Callaghan, le Bille Náisiúntachta agus Saoránachta na hÉireann (Leasú), 2026 a chur faoi bhráid na Comh-Aireachta Dé Céadaoin. Faoi na moltaí, bheadh ar iarratasóirí a bheith ina gcónaí sa stát ar feadh ocht mbliana, seachas na cúig bliana atá riachtanach faoi láthair.
Bheadh orthu scrúdú teanga i nGaeilge nó i mBéarla a dhéanamh agus a chruthú go bhfuil siad neamhspleách ó thaobh airgeadais de. D’fhéadfadh sé go mbeadh orthu a léiriú freisin nach bhfuair siad íocaíochtaí áirithe cosanta sóisialta ar feadh tréimhse shonraithe roimh an iarratas.