
Tá drumaí cogaidh á mbualadh níos minice agus níos déine anois ná riamh, de réir mar a bhíonn ceannairí Eorpacha, lena n-áirítear Taoiseach na hÉireann ‘neodrach’, ag cur iachall orthu féin caiteachais ar airm chogaidh a mhéadú ar chostas leasa shóisialaigh.
Taobh thiar de sin ar fad tá taibhse na Rúise ann, agus eagla roimpi ár ngríosadh go tréan ar gach leibhéal.
Ach níl aon mhíniú tugtha ag aon duine fós ar an mbagairt a chruthaíonn an Rúis d’Éirinn i ndáiríre. Is tír i bhfad i gcéin muid, nár raibh an Rúis riamh ar tí ionsaí a dhéanamh uirthi, nach bhfuil suim ar bith aici inti, agus atá na mílte mílte ar shiúl uaithi.
Mar sin féin, tugtar rabhadh dúinn faoin mbagairt Rúiseach seo, rud a chiallaíonn go gcaithfimidne freisin airgead a chur amú ar armáil agus ar uirlisí míleata.