Tá an-bhuairt orm a fheiceáil go bhfuil Alternative für Deutschland (AfD) tar éis an toghchán sa tSacsain-Anhalt a bhuachan. Tá roth na staire ag teacht timpeall arís. Déantar dearmad gur trí thoghcháin ar éirigh leis na Naitsithe cumhacht a fháil sa chéad dul síos. Fuair na Náitsithe 12 shuíochán sa Reichstag ar dtús in 1928, 2.6% de vótaí, i gcomparáid le 151 suíochán ag AfD sa Bundestag, 20.6% de vótaí. Tá 39 suíochán ag AfD i bParlaimint Sachsen-Anhalt anois, 43.8% de vótaí. Léiríonn an treocht seo go bhfuil an AfD ag fás.  

Ach cén fáth go mbeinn buartha faoi pháirtí polaitiúil ag fás? Tá difear idir an páirtí seo agus páirtithe polaitiúla eile. Is páirtí polaitiúil ar an eite dheas i bhfad amach iad. Is páirtí iad atá in aghaidh inimirce sa Ghearmáin, go háirithe in aghaidh inimircigh Mhoslamacha. Tá baill den pháirtí atá báúil do ghrúpaí ar nós na Gluaiseachta Féiniúlaíoch agus Pegida. Ar an 6 Feabhra, 2016, bhí léirsiú ina aghaidh Pegida ar Shráideanna Bhaile Átha Cliath. Tá baicle den AfD, Der Flügel (“an sciathán”) luaite ag an Oifig Fheidearálach um Chosaint an Bhunreachta sa Ghearmáin (Bundesamt für Verfassungsschutz, seirbhís inmheánach faisnéise na Gearmáine) mar eagraíocht antoisceach. Go deimhin, ó 2022 ar aghaidh tá seirbhís faisnéise na Gearmáine ag coinneáil súil ar an bpáirtí ina iomláine.  

Tá an páirtí ag diúltú aon náire a bheith admháil faoi ghníomhartha na nGearmánach i rith an Dara Cogadh Domhanda. Sin ráite, sin níl aon náire ar phobal na Gearmáine i gcoitinne as 27 milliún Rúiseach a mharú i rith an chogaidh sin ná faoin gcinedhíothú a rinneadh sa Namaib ar lucht Heroro agus Nama. Is minic tuairimí frith-Sheimíteacha ag lucht AfD. Tá siad in aghaidh pósadh comhghnéis, feimineachais, diúltaíonn siad a admháil go bhfuil athrú aeráide ar siúl agus tá siad i bhfách leis an gcoinscríobh. Tá lucht na eite deise agus na heite deise i bhfad amach ag dul i méad timpeall na hEorpa agus an domhain, agus is gá dúinn gach rud a dhéanamh chun an fás seo a stopadh, ionas nach mbeidh laethanta dorcha na Naitsithe ag teacht ar ais arís.

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.