
Grianghraf: Simon Boyle
Oíche Dé Máirt seoladh Comhdháil 2026 de Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga sa Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge le Páidí Ó Lionáird mar fhear an tí. Chuir an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, fáilte roimh na Coimisinéirí Teanga a tháinig ó mhórán tíortha: an Bhreatain Bheag, Ceanada, Tír na mBascach, an Chatalóin, an Chosaiv, An Coimisinéir Gaeilge agus Coimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach ón tuaisceart agus coimisinéirí teanga ó áiteanna eile. Thug an t-iaraire Gaeltachta Éamonn Ó Cuív cur síos ar an gcaoi ar dréachtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla a raibh tionchar air ó reachtaíocht teanga i Ceanada agus sa Bhreatain Bheag. I ndiaidh na gcainteanna sin bhí seisiún ceoil ann ón bpíobaire uilleann Síofra Ní Mhóráin agus ó Cheoltóirí Óga Chois Fharraige, a thaitin go mór leis an slua.
Dé Céadaoin thosaigh imeachtaí na comhdhála le cainteoirí éagsúla. Thug Leas-Choimisinéir na Breatnaise Osian Llewelyn cur síos i mBreatnais le hateangaireacht Bhéarla ar na caighdeáin teanga atá ag feidhmiú sa Bhreatain Bheag. Thug an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, cur síos ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. An fhíric is spéisiúla ón gcaint sin ba ea go bhfuil thart ar 8,000 fostaí sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge, ar a laghad ag leibhéal B2 TEG. Tá thart ar 400,000 fostaí sa tseirbhís phoiblí ann faoi láthair, a léiríonn go bhfuil thart ar 2% den earnáil phoiblí inniúil sa Ghaeilge. Beidh gá le 2,600 earcaí a bheith inniúil sa Ghaeilge faoi 2030 má thógtar líon na n-earcaithe atá tagtha isteach i mbliana (13,000) mar fhigiúr. Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil gá le hathrú cultúir san earnáil phoiblí chun é sin a bhaint amach. Dúirt sé freisin go bhfuil folús ann go pointe, ach ní leithscéal é sin nach mbeidh aon phleanáil ar siúl ag na comhlachtaí poiblí. Chun é seo a bhaint amach tá gá le hAonad Pleanála Fórsa Saothair a bhunú. Labhair an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh, Pól Deeds, faoin tírdhreach teangeolaíoch sa tuaisceart. Rinne sé cur síos ar an Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge 2025 agus ar Acht Féiniúlachta agus Teanga 2022. Sa reachtaíocht sin cuireadh deireadh leis an bpéindlí deireanach chun úsáid na Gaeilge a cheadú sna cúirteanna ó thuaidh.
Labhair Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin ar an intleacht shaorga agus an Ghaeilge. Dúirt sé go bhfuil an tÚdarás ag breathnú ar roghanna éagsúla chun an intleacht shaorga a fhorbairt as Gaeilge. Labhair Kelly Burke, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla do New Brunswick agus Ontario, agus léirigh sí an obair atá ar siúl acu i gCeanada chun cearta teanga a chosaint. Thug Leaschathaoirleach an Líonra chun Éagsúlacht Teanga a Chur Chun Cinn, Roger Serra ón gCatalóin, cur síos faoi chúrsaí cearta teanga sa Chatalóin. Bhí Marco Torresin ag déanamh cur síos ar stádas na Friúilise atá lonnaithe sa Veinéis. I ndiaidh Marco Torresin labhair Hasier Morras, Ceannasaí na Seirbhísí Forbartha Bascaise, ar an mBascais. Rinne Eke Folkerts Teachta Teanga agus Oideachais Teanga i gCúige na Freaslainne san Ísiltír, cur síos maith ar cheann de na teangacha is cóngaraí don Bhéarla, an Fhreaslainnis. Luaigh sí go bhfuil bagairt ann ón Ollainnis don Fhreaslainnis de bharr gur mionteanga í. Bíonn Acht Teanga nua acu gach 5 bliana chun na seirbhísí a fheabhsú.
Labhair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary ag an ócáid. Dúirt sé gurbh é seo an chéad uachtarántacht AE ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga ag na hócáidí eagraithe. Dúirt sé go bhfuil sé ag iarraidh go mbeidh seirbhísí den scoth sna caighdeáin, agus go dtuigeann sé an frustrachas faoin moill, ach go mbeidh siad réitithe chomh luath agus is féidir.
Ba é an cainteoir deireanach ó thar lear a labhair ná Mentor Borovci, Stiúrthóir na hOifige Dlí in Oifig an Phríomh-Aire, an Chosaiv. Rinne sé cur síos ar reachtaíocht teanga sa Chosaiv. Tá siad ag plé anis leis an Albáinis agus tSeirbis.
Bhí plé mór ann i dtaobh intleacht shaorge le nach mór gach cainteoir, a léiríonn go bhfuil tábhacht na hintleachta saorga ag fás sna teangacha dúchasacha.
Labhair Páidí Ó Lionáird faoi na comhlachtaí poiblí ag cur fógraí sna meáin as Gaeilge de bhrí gur gá dóibh de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Bhí Comhdháil 2026 de Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga ar siúl sa Spidéal Déardaoin. Beidh tuilleadh againn ón gcruinniú sin in An Páipéar an tseachtain seo chugainn.
Tá Dioplóma i mBuanú agus Pleanáil Teanga ag Caoimhín Ó Cadhla. Tá sé tar éis a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge ar feadh níos mó ná 20 bliain, lena n-áirítear Seachtain na Gaeilge, TG4, Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.