Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie
Dé hAoine an 11 Meán Fómhair
Maidin chaife ar son an Ionad Lae Ghaoth Dobhair
Meán lae
An Chrannóg F92 EYT3
Arna eargrú ag Coiste Forbartha Chnoc Fola
Les Irlandais de Bretagne (Gaeil na Briotáine)
Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne
Teagmháil 026-45733, eolas@ionadculturtha.ie
Dé Sathairn an 12 Meán Fómhair
Rí Rá agus Rith
10 am
Hyde Park Corner, Londain
Caife agus comhrá ina dhiaidh
Turas trí Ghaeilge in Ard-Oifig an Phoist
11 am
Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, BÁC 1
Tabharfaidh an turas comhthéacs maidir leis na cúinsí ba chúis leis an Éirí Amach, labhrófar faoin Éirí Amach é féin, agus na hiarmhairtí a tháinig as, Cogadh na Saoirse, an Cogadh Cathartha, agus na Trioblóidí.
Mairfidh an turas uair an chloig, agus beidh cuairteoirí in ann breathnú thart sa mhúsaem tar éis an turais. Tá go leor déantúsán, taispeántais idirghníomhacha, agus scannán le feiceáil!
Eolas www.gpomuseum.ie
Caife agus comhrá
11 am go 12.30 pm
Ionad Ealaíon Dhún Masc, thuas staighre, Port Laoise, R32 W93P
Tae, caife agus comhrá
Fáilte roimh chách agus gach leibhéal Gaeilge!
Arna eagrú ag Cumann Gaelach Chontae Laoise
Seoladh leabhair Dearg le Máire Zepf
1 pm
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
Fáilte roimh chách
Turas treoraithe trí Ghaeilge sa Shackleton Experience
2.30 pm
Shackleton Experience, Baile Átha Í, Contae Chill Dara
Clarú ag https://seathy.shackletonexperience.ie/ticketbooth/shows/1173678572
Sána trí Ghaeilge
5 pm
Celtic Sauna, Rinn na Spáinneach, Contae an Chláir
Spásanna teoranta. Tá 50% de lascaine ar an bpraghas, €7.50 in áit €15
Clarú trí Eventbrite
Aisling Lyons, Becky Ní Éallaithe agus Muireann Ní Shé
Camchuairt an Fhómhair
Ceol, amhránaíocht agus damhsa
8 pm
Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna, Indreabhán, H91 W925,
Ticeid ag https://ie.powertik.com/events/aisling-lyons-becky-ni-eallaithe-muireann-ni-she-bi-liom-bi-seanscoil-sailearna-indreabhan
Oíche thraidisiúnta
Ceol, craic agus cáirióice
8 pm
Teach Tabhairne Hanratty, Crois Mhic Lionnáin
Tabhair leat do chuid uirlísí!
Arna eagrú Comhluadar Ard Mhacha
Dé Domhnaigh an 13 Meán Fómhair
Ealaín agus Ceardaíocht
(Páistí idir ceithre bliana agus dhá bhliain déag d’aois)
Meán lae
Ionad Pobail Chloch an Uabhair, Áth Cinn, Gaillimh, H91 HH92
Eolas ag aoifenic@glornagael.ie
Clarú ag https://app.smartsuite.com/form/sgl4z9ma/5ZYx1Ei7UX
Arna eagrú ag Glór na nGael
Seoladh leabhair Faraor Géar nár Cailleadh Mé
Le Micheál Ó Conghaile
1 pm
Halla Thír an Fhia
Áit a léireofar an seó stáitse Ar Thóir Bhríd Ní Mháille á chur i láthair ag Bridie Ní Churraoin agus Caitlín Ní Chualáin, faoi stiúir Eogháin Uí Riada.
Seolfar an leabhar agus an taispeántas ealaíne atá bunaithe ar an leabhar Ó Mhaidim go Maidhm le Seán Ó Flaithearta tar éis an tseó.
Arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht
Tob-Ghaeltacht Birmingham
1 go 3 pm gach re Domhnach den mhí
Nortons, Digbeth
43-45 Sráid Meriden, Birmingham, B5 5LS
Ceol, craic agus comhrá
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge Birmingham agus Comhaltas Birmingham
Ainmneacha áite i gcontae an Dúin
Le Kathleen Ní Nualláin
Caint dhátheangach ag fiosrú na staire agus na scéalta taobh thiar d’ainmneacha áite meánaoiseacha Chontae an Dúin
2 – 3.30 pm
Seid na bhFear, Caisleán Ruairí
Mar chuid de Sheachtain Oidhreachta Chaisleán Ruairí
Arna eagrú ag Cultúrlann Chaisleán Ruairí agus CLG Naomh Bróna
Dé Luain an 14 Meán Fómhair
Maidin chaife sa ghleann
11 am gach Luan ag brath ar an aimsir
An Bothán
Arna eagrú ag Brí Uibh Ráthaigh
Club fichille le Myles
Do thuistí agus páistí
5.30 go 7 pm
Seomra poiblí, Tóin re Gaoith
Eolas agus clarú le Siobhán, 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Cór Gaelach Leitir Ceanainn
Le Doimnic Mac Giolla Bhríde
7 go 8.30 pm
Oifig Líonra, Leitir Ceanainn, F92 YP93
Clarú ag https://lionralc.ie/product/cor-gaelach-le-doimnic-mac-giolla-bhride/
Eolas ag 074 9127479 nó eolas@lionraic.ie
Arna eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn
Seiteanna sa Spidéal
7.30 go 9 pm gach Luan
Coláiste Chonnacht, an Spidéal
€5 ar gach rang
Glac misneach agus bí linn!
Fáilte roimh chách!
Arna eagrú ag Pleanáil Teanga Chois Fharraige
Dé Máirt an 15 Meán Fómhair
Gligíní le Máire
Grúpa spraoi do pháistí (0 go 4 bliana d’aois) agus a gcuid tuistí, caomhnóirí, Mamó nó Daideo
1.15 – 2.15 pm gach Máirt
An tSeanscoil, Ceathrú Thaidhg
Eolas agus clarú le Siobhán, 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Taispeántas leabhar Gaeilge i gcuimhne ar Mhánus Maguire
Leabhair bronnta ag muintir Maguire
6 pm
Leabharlann Lios na Scéithe, Fhear Manach
Cainteoirí spéisialta.
Fáilte roimh chách
Arna eagrú ag Tús Nua Fhear Manach
Grúpa fócais as Gaelige le Taighde Éireann
6 go 7 pm
Acadamh na hOllscoilaíochta Gaeilge, Carna, H91 F343
Bígí páirteach i gcomhrá as Gaeilge faoi thaighde agus an saol laethúil
Níl saineolas ag teastáil. Níl freagraí cearta ná míchearta ann.
Comhra réchúiseach i ngrúpa beag.
Daoine 16+ ina gcónaí in Éireann. Ní theastaíonn réamhúllmhúchán.
Clárú ag fintan.hegarty@universityofgalway.ie
Dé hAoine an 18 Meán Fómhair
Oíche Chultúr
(Nios mó in An Páipéar an tseachtain seo chugainn)
Ath-Ghaelú, le Ciarán Mac Giolla Bhéin
5.45 go 7 pm
Cultúrlann Uí Chanáin
37 Sráid Mhór Shéamais, Doire
Imeacht saor in aisce
Meastar go dtagann timpeall 95% dár logainmneacha ón Ghaeilge. Is feachtas é Ath-Ghaelú a bhunaigh Conradh na Gaeilge i mbliana chun daoine a spreagadh le logainmneacha Gaeilge a úsáid in ionad logainmneacha Béarla i ngach gné den saol.
Beidh an caint faoi stiúir uachtarán na heagraíochta, Ciarán Mac Ghiolla Bhéin, lena fhiosrú cén dóigh a bheith páirteach, cad chuige a bhfuil sé tábhachtach, agus le plé a dhéanamh ar chúlra stairiúil Ath-Ghaelú, an léacht a thug Dubhghlas de hÍde in 1892, The Necessity for De-Anglicising Ireland, san áireamh, a nocht an maolú a rinneadh ar fhéiniúlacht na hÉireann agus an tsíoraithris ar chultúr, teanga agus nósanna Shasana.
Tabharfar an chaint trí Ghaeilge, agus beidh aistriúchán comhuaineach ar fáil.
Beidh ár seisiún míosúil Club Ceoil Thraidisiúnta ar siúl sa bheár ina dhiaidh sin.
Tob-Ghaeltacht
7.30 pm
Railway Bar, Poyntzpass
Oíche airneáil
le Seanchas Sheáin Néill
8 pm
Áislann Rann na Feirste
Bean an tí Brídanna Ní Bhaoill
Oíche den scoth geallta le cairde sheanchas Shéain Néill, ceol, comhluadar agus craic
Imeacht saor in aisce
Le tacaíocht ó Ealain na Gaeltachta
Comhdháil Teagaisc
Dé Céadaoin an 16 Meán Fómhair
Áit: Aula Maxima, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Dáta: Dé Céadaoin an 16 Meán Fómhair 2026
Am: 9.15 am go 1.15 pm
Comhdháil Teagaisc dírithe ar mhúinteoirí Gaelscoileanna
9.15 – 09.45 Clárú san Aula Maxima
9.45 – 10.30 Pádraig Ó Mianáin agus Cormac Breathnach
‘Conas foclóirí Gaeilge a úsáid go tairbheach sa seomra ranga’
Gaelscoileanna
Seomra Seimineár CACSSS, ORB G27, Áras Uí Rathaille
10.30 go 11.15 Criostóir Ó Cathasaigh agus Deirdre Breathnach
Gaelscoil Mhainistir na Corann
Craic agus comhrá – córas na bpiaraí
11.15 go 11.45 sos tae agus caife
11.45 go 12.30 Tríona Nic Fhinn
Oifigeach Oideachais Bunscoile ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht,
Innealtóireacht agus Matamaitic)
‘Súile mata ar scoil: smaointeoireacht, samhlaíocht agus spraoi’
12.30 go 13.15 Brid-Treasa Wyndham, Ola Majekodunmi, Síle Ní Bhroin agus
Ann Marie O’Sullivan
‘Ceardlann Fighting Words na Gaeilge’
Saorchead isteach ach ní mór clárú roimh ré:
https://www.eventbrite.ie/e/comhdhail-teagaisc-2026-tickets-
1988303392972
Tuilleadh eolais: teagasc@ucc.ie
Sean-Nós Ard Mhacha Theas
Dé hAoine an 18 Meán Fómhair
7 pm Oscailt oifigiúil na féile, seoladh leabhair agus oíche airneáil agus ceol
Teach Bhéal Leice, 16 Príomhshráid, Béal Leice, an tIúr, BT35 7PH
Dé Sathairn an 19 Meán Fómhair
11 am go 6 pm Ceardlanna, tionól amhránaíochta, comórtais do dhaoine fásta agus tionól amhránaíochta do dhaoine óga
Tí Chulainn, an Mullach Bán, an tIúr, BT35 9TT
Moltóirí Máire Ní Choilm agus Brian Danny Minnie Ó Domhnaill
Teagascóirí Naoise Mac Cathmhaoil agus Niamh Ní Dhubhgáin
8 pm Oíche airneáil agus séisiún amhránaíochta
Hearty’s Cottage, 51A Bothar Lorgain, Béal Átha an Airgid, BT35 9EF
Arna eagrú ag Gaelphobal Ard Mhacha Theas