Loiceann Rialtas na hÉireann ar an neodracht

Tá sé fógraithe ag an Aire Cosanta Helen McEntee le déanaí go bhfuil Éire le €10 milliún a chur ar fáil don Úcráin ar mhaithe le háiseanna míleata oiliúna a thógáil san Úcráin in ainneoin sheasamh oifigiúil neodrachta an stáit. Is áis oiliúna é a ullmhaíonn saighdiúirí le troid ar an bpáirc chatha, a thagann faoi cheannas ECAT i ndáiríre, comhghuaillíocht mhíleata a thacaíonn go hiomlán le rialtas agus fórsaí armtha na hÚcráine.

Tá an beart seo cáinte acu siúd a mhaíonn go bhfuil an rialtas i mBaile Átha Cliath ag loiceadh ar an neodracht diaidh ar ndiaidh, maraon leis na bearta eile ón rialtas a thacaíonn le hiarrachtaí cogaidh na hÚcráine agus ECAT i gcoinne na Rúise. Tagann na bearta tacaíochta airgid agus cúnaimh mhíleata seo salach ar an neodracht, dar leo. Maíonn Rialtas na hÉireann gur “cúnamh míleata neamh-mharfach” atá i gceist, mar sin ní sárú é seo ar an neodracht. Tá neart ann a easaontaíonn.

Go dtí seo tá breis agus €670 milliún bronnta ag Éirinn ar an Úcráin ó thosaigh an cogadh oscailte i mí Feabhra 2022 idir an Rúis ar thaobh amháin agus an Úcráin in éineacht lena dtacadóirí agus maoinitheoirí ó ECAT ar an taobh eile. As an airgead seo tá €94 milliún curtha ar fáil do chúnamh míleata neamh-mharfach tríd an Aontas Eorpach; breis agus €254 milliún curtha ar fáil do “mhaoiniú daonnúil agus cobhsaithe”; agus breis agus €200 milliún do thacaíocht mhíleata dhíreach “neamh-mharfach.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.