“D’athraigh an Fhleadh thar oíche an insint ar na céisteanna cultúrtha ó thuaidh” – an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh

Pól Deeds

Tá an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh, Pól Deeds, naoi mí go leith sa phost anois agus ag teacht i dtreo dheireadh na chéad bliana. Shuigh mé síos leis, le labhairt faoi na rudaí is mó a chuaigh i bhfeidhm nó a chuir iontas air.

Ba é an chéad rud a luaigh sé ná Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste. Chuir sé sios uirthi mar “fiorú aislinge”, an aisling a bhí agus atá ní hamháin aige féin, ach ag an Oifig Um Fhéiniúlacht agus Léiriú Culturtha faoi stiúir an Dr Katy Radford agus ag an Choimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach agus don Traidisiún Bhriotanach Ultach, Lee Reynolds, triúracht atá le feiceáil go minic le chéile na saolta seo, a dúirt sé.

“Bhí sé iontach spreagúil agus ina thógáil croí agus ba léiriú fisiciúil é d’fhiorú físe Aoine an Chéasta agus fágann sé oidhreacht ina mbeidh muid ag obair go dlúth le chéile, lenár gcuid spriocanna a bhaint amach.” Lean sé ar aghaidh, ag rá, “Tá muid ag iarraidh an Fhleadh a chinntiú agus a fhorbairt ó thuaidh le go mbeidh gach pobal compórdach leis na cultúir uilig anseo.” Chuige sin, tá siad le fóram féiniulachta a chur ar bun, ina mbeidh na cúrsaí sin á bplé ag an ghnáthphobal, in áiteanna ina bhfuil na daoine sin ina gcónaí, na bealaí is fearr chun na cultúir uilig anseo a thabhairt le chéile. Bheadh cainteoirí éagsúla ann fosta.

Luaigh sé fosta go mbainfeadh sé úsáid éifeachtúil as raighde atá déanta ag Ollscoil Uladh, ag léiriú i bhfad níos lú freasúra don Ghaeilge, go háirithe i measc daoine óga. “Beidh mé ag iarraidh tógáil ar an dea-thoil sin.”

B’in an taobh dearfach den scéal. Ach le linn an ama sin, bhí deacrachtaí ann nach raibh aon choinne aige leo. Ní raibh sé, mar shampla, ag dúil le méid an chur i gcoinne a fuair sé, go háirithe ó pháirtithe agus eagraíochtaí aontachtacha. Ach dúirt sé go raibh sin laghdaithe faoin am seo agus “go bhfuil muid i dtreimhse níos séimhe anois”.

Níor thuig sé ag an tús, ach oiread, méid an mhaorláthais a bhí le tabhairt san áireamh aige. “Tá an státchóras sa dá stát thar a bheith éagsúil. Bhí orm foghlaim go gasta, de réir na rialacha ar fad, agus faoin dóigh a dtiocfaí an dlí a chur ort. Chuaigh mé i dteagmháil le dlí na corónach lena fháil amach faoi agus fuair me cuidiú ó dhá státseirbhíseach i m’oifig ar ghrád a seacht, Terry Curran agus Jolene Donnelly, a mhínigh dom gach rud ó thaobh rialachais, airgid agus polasaithe de. Ar an dea-uair tá go leor airgid ag m’oifig le post buan a chruthú ansin agus is féidir leo cur isteach air.

An coiste um iniúchóireachta agus iontaofacht a dhéanfaidh maoirseacht maidir le riosca fosta.”

I measc na ndea-scéalta san oifig bhí cruinnithe aige leis na hairí ar fad, seachas Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe a dhiúltaigh don chuireadh.

Luaigh sé fosta go bhfuil acht ann anois faoin teanga chomharthaiochta agus caithfidh an Roinn Pobail sin a chur I bhfeidhm.

An fhadhb mhór eile a bhí os a chomhair agus nach raibh sé ag dréim léiná easpa buiséid, a fhágann nach bhfuil go leor d’fhoireann aige le tabhairt faoi chúraimí sa bhliain úr. Tá seachtar ann faoi láthair, go leor le dul i ngleic le scríobh na gcaighdeán dea-chleachtais le haghaidh na núdáras poiblí agus an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire. “Tá an proiséas earcaíochta ar an mhéar fhada anois. Ach,” a mhínigh sé, “tá muid i ndiaidh Colm McGuigan a cheapadh mar Bhainisteoir Beartais, Taighde agus Comhlíontachta, fear a bhfuil taithí ar leith aige ó thaobh comhairliúcháin iarmhartacha. D’oibir sé roimhe seo mar Oifigeach na Gaeilge i Halla na Cathrach, Béal Feirste, agus roimhe sin leis an scéim Líofa. Beidh na Caighdeáin réidh faoi mhí na Nollag anois.”

Ach tá Pól go fóill dóchasach go réiteofar búiséad gan mhoill. Agus, den chuid is mó, bhí mé den tuairim go raibh sé thar a bheith dearfach faoi thodhchaí na Gaeilge agus an chultúr Ghaelaigh agus go bhfuil rudaí as cuimse luachmhar bainte amach acu.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.