Oíche stairiúil do Katie Taylor

A Eagarthóir, a chara,
Ba í an troid idir Muhammad Ali agus Al Blue Lewis in 1972 an uair dheireanach a reáchtáladh babhta dornálaíochta i bPáirc an Chrócaigh. Ag an ócáid stairiúil sin ní raibh ach 18 míle duine ann agus iad faoi gheasa.
Tar éis na troda a bhuaigh Muhammad Ali, streachail an fhoireann slándála chun é a thabhairt ar ais go dtí an seomra feistis. Bhailigh slua mór timpeall air agus ní rabhthas ag déanamh aon dul chun cinn i dtreo an tseomra feistis. “Fág an bealach,” a bhí an fhoireann slándála á bhéicíl leis an slua. “Ní mór do Muhammad an seomra feistis a bhaint amach,” a bhéic siad. “Lig an seomra feistis teacht chuig Muhammad,” a d’fhreagair duine sa slua de bhéic.
Ní dóigh liom go mbeidh an fhadhb chéanna ag Katie oíche amárach, ach tá rud amháin cinnte. Níl aon dabht ach go bhfuil Katie Taylor ar dhuine de na lúthchleasaithe is fearr a rugadh sa tír seo. Is cheannródaí í Katie Taylor, is laoch í Katie. Banríon an chró dornálaíochta. Cibé rud a tharlóidh amárach, beidh cuimhne go deo na ndeor ar a cuid beart.
Le meas,
Johnny Ó Flannagáin
Tír an lúir
BÁC 6W