Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie

Dé hAoine an 4 Meán Fómhair

Ceiliúradh na gComharsan Gaelach
4 go 5.30 pm
Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dawson, Baile Átha Cliath 2
Faigh amach faoi na ceangail shaibhre chultúrtha idir Éirinn, Albain agus Oileán Mhanann trí cheol, teanga agus béaloideas.
Eolas ó https://www.ria.ie/events/ceiliuradh-na-gcomharsan/
Ticeíd saor in aisce ó https://www.eventbrite.ie/e/ceiliuradh-na-gcomharsan-tickets-1994938902961

Tuilleadh eolais…

Tá ócáid ar leith á heagrú don 4 Meán Fómhair 2026 ag Acadamh Ríoga na hÉireann chun an chomhthuiscint i measc phobail na dteangacha Ceilteacha a chur chun cinn agus chun ceiliúradh dhéanamh ar an Manainnis i mbliain seo na Gaeilge, ‘Blein ny Gaelgey’. Dlúthchuid de chúram an Acadaimh é an taighde ar na cultúir agus na teangacha Ceilteacha.
Cuirfidh Alison McGillivray, dordveidhleadóir agus taighdeoir cáiliúil Albanach, a cuid taighde i láthair ar ról na dordveidhile i gceol traidisiúnta Ghaeilge na hAlban san ochtú agus sa naoú haois déag. Ag tarraingt ar fhoinsí foilsithe agus neamhscrúdaithe roimhe seo, seinnfidh sí rogha de cheol stairiúil Ghaeltacht na hAlban ó bhailiúcháin Simon Fraser agus Elizabeth Ross.
Déanfaidh an tOllamh John Walsh (Ollscoil na Gaillimhe) cur i láthair ar bhailiúchán Choimisiún Béaloideasa Éireann (mar a bhí) de bhéaloideas Oileán Mhanann sna 1940í, arna thionscnamh ag Éamon de Valera. Bhí ról ríthábhachtach ag an tionscadal sin i gcaomhnú oidhreacht chultúrtha an oileáin agus in athbheochan na teanga.
Beidh ceol Manannach á chasadh ag an gcór Gaeilge Caarjyn Cooidjagh (‘cairde le chéile’), a bunaíodh in 1990, agus a mbíonn cúig dhuine dhéag rannpháirteach ann de ghnáth. Canfaidh siad leaganacha d’amhráin Mhanainnise idir thraidisiúnta agus nuachumtha. Tá ceithre dhlúthdhiosca eisithe acu agus iad tar éis a bheith rannpháirteach i dtionscadail shuntasacha de cheol Gaeilge Oileán Mhanann. Is minic iad ar an ardán sa Bhriotáin, in Albain agus sa Spáinn. Tá comórtais thábhachtacha buaite acu i gcomórtais chóir Phan-Cheilteacha.

Dé Sathairn an 5 Meán Fómhair

The Sounds of Irish
9 am go 1 pm
Gaeláras Mhic Ardghail, Iúr Chinn Trá
Eolas ag atomicirish@outlook.com
£30
Airgead do Médecins Sans Frontiers
Arna eagrú ag Gaeláras Mhic Ardghail

Dianchúrsa an Fhómhair
10 am go 2 pm
Bunrang/Meánrang Íochtarach
Turas Béal Feirste
Clarú ag Turasbelfast.com

Bualadh Bos
Céadfaí an linbh a spreagadh
Do thuismitheoirí agus páistí 0 go 2 bhliain d’aois
Amhráin, mothú, fuaim, radharc agus ceol
11 am
Halla Pobail Chill Chiaráin
Cláraigh roimh ré le deirdre@tuismitheoirí.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Lá Oscailte
Cultúrlann Uí Chanáin
Mean Lae go 2 pm
37 Sráid Mhór Shéamais, Doire

Ceardlann Amhrán na bhFiann
2 go 3 pm
Ionad Pobail an Iompú Deiseal
Eolas ag irishculturalofficer.fermanagh@gaa.ie
Clarú ag https://forms.cloud.microsoft/e/j1smbqCa73
Arna eagrú ag CLG Fhear Manach

Ceolchoirm Mhór an Gharraí Ghlais 2026
Jack Talty, Noel Hill, Mick Mulcahy, Michelle Mulcahy, Meabh Ní Bheaglaoich, Liam O’Brien, Deirdre Hurley, Joyce Redmond, Emma Sullivan, Pádraig Ó Dubhghaill, Lèna Descottes, Ètáin Ní Churráoin, Máire Ní Churraoin, Steve Simmons, Bardan Johnson, Isabella Spillane agus Seán Spillane.
Ó 2 go 7 pm
Na Creagáin, Indreabhán, H91 D26R
Ticéad €33 ar Eventbrite nó €40 ar an ngeata

Corn Phat Willie Uí Ghríofa
Comórtas Bosca Ceoil
6 pm
Tigh Joe Watty, Oilean Árann
Mar chuid d’Fhéile na mBád, Árainn

Dé Domhnaigh an 6 Meán Fómhair

Dianchúrsa an Fomhair
10 am go 2 pm
Meánrang uachtarach, ardrang
Turas Bhéal Feirste
Clarú le Turasbelfast.com

Siúlóid sléibhe, an Corrán
10.30 am
Siúlóid sléibhe mheánach, an Corrán, Tóin Dhubh, Málainn
Fad 12 km, dreapadh 490 m
Tús na siúlóide i gcarrchlós an Chorráin

Tuilleadh eolais…

Tagairt eangaí O 193 142 nó N53.1653, W 6.2169.
Bí ann ag 10.15 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10.30 ar maidin
Treoraí Deaglán
Chun tuilleadh eolais nó síob a fháil, nó chun síob a thabhairt, téigh i dteagmháil linn ag cnocadoiri@yahoo.com
Treoracha go dtí tús na siúlóide
Ó Bhaile Átha Cliath, téigh ar an R117 go hÁth na Sceire agus ansin ar an R670 ar feadh 3.3km. Cas ar dheis ar an L1013 go dtí Eas Chúirt an Phaoraigh. Ná téigh isteach an geata ag an eas ach lean ar aghaidh ar an mbóthar seo L1013. Tá an carrchlós 2 km tar éis an easa, ar an taobh clé.
Trealamh agus feisteas riachtanach
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat, http://www.cnocadoiri.com/trealamh.html
Neamhbhaill
Mura bhfuil tú i do bhall de na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d’ainm agus d’uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile, eg neasghaol, lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.

Ranganna ióga
11 am
Áras Inse Chór, D08 V003
€10

Aifreann trí Gaeilge
Carraig an Aifrinn, Plochóg
4pm

Dé Luain an 7 Meán Fómhair

Siúlóid dúlra le John Staunton
10 am
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara
Saorchead isteach!

Club Fichille le Myles
(Do thuistí agus páistí)
5.30 – 7 pm
Seomra Poiblí, Tóin re Gaoith
Eolas/Clarú: Siobhán – 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Dé Máirt an 8 Meán Fómhair

Gligíní le Máire
Grúpa spraoi do pháistí (0 go 4 bliana d’aois) agus a gcuid tuistí/caomhnóirí/Mamó nó Daideo
1.15 – 2.15 pm (Gach Máirt)
An tSeanscoil, Ceathrú Thaidhg
Eolas/Clarú: Siobhán – 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Seisiún eolais ar thithe folmha
Le Michelle Connellan, Oifigeach Tithe Folmha Chomhairle Cathrach na Gailimhe, Avril Ní Shearcaigh, Meantóir SEAI, Colm MacEachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha Gaeltachta
7 pm
Seanscoil Sailearna, Indreabhán, H91 W925

The Importance of the Irish Language
Comhra le Séamas Ó Donnghaile
7 pm
Ionad Oidhreachta Roddy McCorley, 203 Bothar an Ghleanna, Beal Feirste

Dé Céadaoin an 9 Meán Fómhair

Tob-Ghaeltacht
5 pm
The Monto, Philadelphia

Déardaoin an 10 Meán Fómhair

Club Leabhar Chonamara Láir
Muirbhuchaill, gearrscéal nua le Joe Phádraic Ó Fátharta
7 pm
Teach Scríbe
Chun do chóip den ghearrscéal a fháil, téigh i dteagmháil le opt1@conamaralair.ie

Ranganna Gaeilge do dhaoine fásta
Gach leibhéal
7pm
Gaelscoil Uí Dhochartaigh
£3 an rang
Eolas ó gaelphobal@outlook.com
Arna eagrú ag Gaelphobal, Craobh Mhic an Chrosáin

Ag fiosrú bhunús na bhfocal agus na bhfrásaí Gaeilge ó dheisceart Fhear Manach. Ó Louis McElgunn, Anthology of Hiberno English 1996~
Le Brian MacDomhnaill
7.30pm
Teach Fhear Manach, Plás an Mhóinéir Leathain, Inis Ceithleann
Arna eagrú ag Sruth na hÉirne

Seisiún bhlaiseadh teanga na Gaeilge
7.30 go 8.45 pm
Caisleán Inis Ceithleann
Clárú ag https://form.jotform.com/262294694941065

Dé hAoine an 11 Meán Fómhair

Maidin chaife ar son an Ionad Lae Ghaoth Dobhair
Meán lae
An Chrannóg F92 EYT3
Arna eagrú ag Coiste Forbartha Chnoc Fola

Raidió Fáilte: Fiche Bliain Faoi Bhláth
Halla na Cathrach
Eolas ó bainisteoir@Raidiofailte.com

Les Irlandais de Bretagne (Gaeil na Briotáine)
Ionad Cultúrtha Bhaile Mhuirne
Teagmháil 026-45733, eolas@ionadculturtha.ie

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.