Bláithín de Burca ina hambasadóir Gaeilge ar fheachtas Oxfam

Tá an fuirseoir, láithreoir agus léiritheoir teilifíse Bláithín de Burca ainmnithe mar ambasadóir Gaeilge ar fheachtas Mheán Fómhair na hAthláimhe 2026 de chuid Oxfam Éireann.

Beidh de Burca ag spreagadh daoine ar fud na tíre páirt a ghlacadh san fheachtas trí mheán na Gaeilge, agus béim á cur aici ar an ról atá ag athúsáid agus ag comhroinnt éadaí inár gcultúr agus inár saol laethúil. 

“Táim thar a bheith buíoch as go leor nithe a fuair mé ó mo shinsir – ina measc mo theanga, mo chultúr, agus ar ndóigh neart píosaí iontacha i mo vardrús nach féidir liom a chaitheamh gan ardmholadh a fháil fúthu,” a dúirt sí.

Dúirt de Burca gur féidir comparáid a dhéanamh idir an Ghaeilge agus éadaí athláimhe mar nithe a thugtar “ó ghlúin go glúin”. Dar léi, tá ceangal ag Éireannaigh agus ag Gaeil leis “an chaomhnú, an fhrithsheasmhacht, an réabhlóid”, agus dúirt sí gur “troid é don Domhan, don nádúr agus ar ndóigh… don stíl” an feachtas. 

Is é seo an t-ochtú bliain d’fheachtas Mheán Fómhair na hAthláimhe de chuid Oxfam Éireann. Tugtar dúshlán do dhaoine éadaí athláimhe a roghnú in áit cinn nua i rith mhí Mheán Fómhair, chun dramhaíl teicstílí a laghdú, saolré éadaí a fhadú agus tacú le hobair Oxfam in aghaidh na bochtaineachta agus na héagothroime. 

Tá an fuirseoir agus láithreoir podchraolta Emma Doran ina príomhambasadóir ar fheachtas na bliana seo. Tá an bhéim i mbliana ar éadaí a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus ar shaol nua a thabhairt do sheanéadaí. 

De réir na tuarascála NATEX is déanaí, úsáideann gach duine in Éirinn thart ar 53kg de theicstílí nua in aghaidh na bliana, agus caitear thart ar 64,000 tona teicstílí isteach i mboscaí bruscair tí gach bliain. 

Tá 44 siopa Oxfam ag feidhmiú ar fud oileán na hÉireann, agus na mílte píosaí faisin athláimhe ar fáil iontu. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.