Eoin Ó Murchú Bhí iontas ar an domhan nuair a cuireadh tús le comhghuaillíocht mhíleata de chineál ECAT idir an Tuirc, an Araib Shádach agus an Phacastáin, agus iarracht á déanamh ag anailísithe tuiscint a fháil ar an tionchar a bheidh aici ar an gcaidreamh idirnáisiúnta, go háirithe ar na limistéir choinbhleachta in iarthar na…
Agus Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta faoi lán seoil, tá deis againn machnamh a dhéanamh ar an méid a thuigimid as an bhfocal ‘oidhreacht’. Is furasta smaoineamh ar chaisleáin, ar sheanfhoirgnimh agus ar shéadchomharthaí nuair a luaitear an téarma. Ach tá i bhfad níos mó i gceist. Cuimsíonn ár n-oidhreacht ár dteanga, ár dtírdhreach, ár mbéaloideas,…

Tá bonn óir bainte amach ag Lorg Media, gníomhaireacht chruthaitheach mhargaíochta agus léiriúcháin atá lonnaithe i nGaillimh, i measúnú domhanda EcoVadis ar inbhuanaitheacht ghnó. Cuireann an toradh an ghníomhaireacht sa 5% is airde i measc breis agus 130,000 comhlacht a ndearna EcoVadis measúnú orthu ar fud an domhain. Is é EcoVadis an soláthraí is mó…
Tá Community Finance Ireland ag spreagadh eagraíochtaí óige, grúpaí pobail agus eagraíochtaí deonacha ar fud na tíre chun fiosrú a dhéanamh faoin gcaoi a bhféadfadh iasacht mhaoinithe shóisialta cabhrú leo tionscadail uaillmhianacha áitiúla a chur i gcrích. Is carthanas agus fiontar sóisialta é Community Finance Ireland a chuireann iasachtaí ar fáil go heisiach d’eagraíochtaí sa…
Dé hAoine an 21 Lúnasa Siúlóid staire i nGaeilge i Rath Iomgháin Teacht le chéile ag The Old Schoolhouse, 1 Sráid Laighean, R51 ET25 1 pm Arna eagrú ag Glór an Churraigh Seoladh Leabhar Cath Idir an Pobal agus an Murder MachineGluaiseacht na Gaelscoilaíochta, 1973-2023Le Kerron Ó Luain7 pmAonach Mhacha, 74-76 Sráid na Sasanach, Ard…

Beidh deis ag daoine óga scileanna praiticiúla faoin aer a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge ag ceardlann speisialta i dTeach Buirt, Co. Chill Dara, Déardaoin, an 27 Lúnasa. Is í Dúlra Chill Dara atá ag eagrú na ceardlainne, atá dírithe ar dhaoine óga idir 10 agus 15 bliana d’aois. Beidh an ócáid ar siúl idir…

D’fhógair an tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, na gearrliostaí do Ghradaim Foilsitheoireachta 2026, agus 19 leabhar san iomlán roghnaithe i dtrí chatagóir. Tá seacht leabhar san iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin, a thugann aitheantas do Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta, seacht gcinn do Ghradam de Bhaldraithe do shaothar aistrithe go Gaeilge ó…

Le déanaí, i ndiaidh chuairt an Rí Séarlas agus a mhná chéile ar an Teach Bán in Washington, chinn an tUachtarán Trump taraifí a bhaint d’uisce beatha ó Albain agus ó Shasana. Rachaidh sé seo chun tairbhe do thuaisceart na hÉireann freisin, ach beidh ar chomhlachtaí sna 26 contae uisce beatha sna an deich faoin…
Tá Amhrán na Laoch, an comórtas cumadóireachta amhrán Gaeilge, le filleadh arís i mbliana mar chuid de Mhí Cheoil na hÉireann 2026, le tacaíocht ó An Post. D’fhógair Hot Press agus Cumann Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (IBI) sonraí an chomórtais, agus tá Coimisiún na Meán ag tacú le Mí Cheoil na hÉireann trína scéim Fuaim…

Faoi dheireadh na 1970í bhí Nicearagua i lár géarchéim thromchúiseach. Bhí ríshliocht Somoza, le tacaíocht SAM, i gceannas trí smacht a choinneáil ar an nGarda Náisiúnta. Bhí greim ag an gclann Somoza ar fhormhór na talún agus an tsaibhris, agus bhain siad leas as an stát mar ghnó clainne. Bhí smacht géar ann ar an…