Deis nua do chumadóirí Gaeilge

Tá Amhrán na Laoch, an comórtas cumadóireachta amhrán Gaeilge, le filleadh arís i mbliana mar chuid de Mhí Cheoil na hÉireann 2026, le tacaíocht ó An Post.

D’fhógair Hot Press agus Cumann Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (IBI) sonraí an chomórtais, agus tá Coimisiún na Meán ag tacú le Mí Cheoil na hÉireann trína scéim Fuaim & Fís. Beidh Gael Linn ina chomhpháirtí sa chomórtas freisin agus foilseoidh siad taifeadadh den amhrán buaiteach.

Ba iad Huartan, grúpa as Béal Feirste, buaiteoirí Amhrán na Laoch an uair dheireanach leis an amhrán Bean Udaí Thall. Ó shin i leith, bhain siad gradam Live Act of the Year amach ag Duaiseanna Ceoil Thuaisceart Éireann agus ainmníodh iad mar BBC Introducing Northern Irish Artist of the Year ag deireadh 2025.

Chuir Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, fáilte roimh fhilleadh an chomórtais, ag rá go bhfuil sé “ríthábhachtach” go dtacódh craoltóirí le healaíontóirí Éireannacha áitiúla. Dúirt sí go raibh áthas uirthi Amhrán na Laoch a fheiceáil mar chuid den tionscnamh arís, “ag cothú cruthaitheachta agus cumadóireachta sa Ghaeilge”.

Dúirt Críostóir Mac Cafraidh, Feidhmeannach Sinsearach Cumarsáide ag An Post, go bhfuil an comhlacht “bródúil as tacú le hAmhrán na Laoch”, agus go gcabhraíonn an comórtas le ceol Gaeilge a thabhairt chuig lucht éisteachta ar fud na tíre.

Dar le Niall Stokes, eagarthóir Hot Press, tá líon mór ceoltóirí agus cumadóirí ag obair trí Ghaeilge anois agus is deis é an comórtas “chun tuilleadh béime a chur ar acmhainn na teanga náisiúnta i gceol comhaimseartha agus coitianta”.

Tá Gael Linn ag dul i gcomhpháirtíocht le Hot Press agus an IBI chun singil an bhuaiteora a thaifeadadh, a mheascadh, a mháistirú agus a eisiúint ar na príomhardáin dhigiteacha. Gheobhaidh an buaiteoir duais airgid €2,500, tacaíocht ó Hot Press agus ó 22 stáisiún raidió neamhspleácha, chomh maith le meantóireacht ón tionscal ceoil.

Ní mór go mbeadh ar a laghad 50% den amhrán i nGaeilge agus caithfidh sé a bheith ina shaothar bunaidh. Is féidir le cumadóirí, ealaíontóirí agus bannaí taifeadadh nó leagan taispeána a chur isteach chuig Hot Press.

Is é Dé hAoine an 18 Meán Fómhair an spriocdháta d’iontrálacha.

Seoladh Mí Cheoil na hÉireann in 2021 agus beidh imeachtaí na bliana seo ar siúl i rith Mheán Fómhair agus Dheireadh Fómhair ar 22 stáisiún raidió áitiúla ar fud na tíre.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.