D’fhógair an tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, na gearrliostaí do Ghradaim Foilsitheoireachta 2026, agus 19 leabhar san iomlán roghnaithe i dtrí chatagóir.
Tá seacht leabhar san iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin, a thugann aitheantas do Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta, seacht gcinn do Ghradam de Bhaldraithe do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile, agus cúig cinn do Ghradam Réics Carló, Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg.
Léiríonn na gearrliostaí réimse leathan na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair, agus deich dteach foilsitheoireachta éagsúla i gceist: Barzaz, Cló Iar-Chonnacht, Dalen Éireann, Éabhlóid, Futa Fata, JM Agency Publishing & Design, LeabhairCOMHAR, Leabhar Breac, Mayo Book Press agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá saothar féinfhoilsithe amháin ar na gearrliostaí freisin.