Dé hAoine an 21 Lúnasa
Siúlóid staire i nGaeilge i Rath Iomgháin Teacht le chéile ag The Old Schoolhouse, 1 Sráid Laighean, R51 ET25 1 pm Arna eagrú ag Glór an Churraigh
Seoladh Leabhar Cath Idir an Pobal agus an Murder Machine
Gluaiseacht na Gaelscoilaíochta, 1973-2023
Le Kerron Ó Luain
7 pm
Aonach Mhacha, 74-76 Sráid na Sasanach, Ard Mhacha, BT61 7LG
Dé Sathairn an 22 Lúnasa
Siúlóid thuama oasáiste Shuí Finn
10 am – 3 pm Turas lán le stair agus mhiotaiseolaíocht trí shléibhte Baile Átha Cliath. Siúlóid 11km ag tabhairt cuairt ar thuama pasáiste Shuí Fhinn, Carn Shuí Fingain, agus Cairn Suíochán a bheith ann. Foghlaim faoin miotaiseolaíocht a bhaineann leis na Fianna a bhí ag seilg thíos i nGleann an Smóil. Siúlóid iargúlta thar na sléibhte a bheith ann! Bí réidh don phortach agus don chraic. Tabhair buataisí, lón, agus dar ndóigh cóta báistí ar eagla na heagla leat. Clarú ag deirdre@tuismitheoirí.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Coláiste na Mumhan agus Gluaiseacht na gColáistí Samhraidh Gaeilge i dtús an 20ú haois
An Dr Máire McCafferty, Léachtóir, Gaeilge Nua-Aimseartha, SETU
8 pm
An Súgán, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí, P12 AC85
Is gá clarú roimh ré ar Eventbrite, nó seol téacs chuig 083 1047764 leis an bhfocal COLÁISTE, d’ainm agus líon na dticéad.
Arna eagrú ag Coiste Forbartha Béal Átha an Ghaorthaidh
Dé Domhnaigh an 23 Lúnasa
Siúlóid sléibhe, an Leacain
Siúlóid sléibhe mheánach, lúb ón Leacain go Cnoc an tSamhraidh, go dtí an Cnoc Dubh agus ar ais go Zellers ar an Leacain.
Fad 12 km, dreapadh 570 m, 4 uair an chloig ag siúl. Áit chruinnithe ar Shráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL, Halla Clifton, Éircód D02 XP89 Imeoimid ag 9.30 am go cruinn. Nó Tús na siúlóide ar láthair páirceála ag Zeller’s, Lacken Inn, an Leacain (léarscáil) Tagairt eangaí O 011 109 nó N53.1393, W6.4900. Éircód W91 DK00 Bí ann ag 10.45 am le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 am🔹 Treoraí Pádraig Chun tuilleadh eolais nó síob a fháil, nó chun síob a thabhairt, téigh i dteagmháil linn ag cnocadoiri@yahoo.com.
Treoracha go dtí tús na siúlóide, lean an N81 amach as an gcathair trí cheantar Thamhlachta, ar aghaidh i dtreo Bhaile Coimín.
Cas ar chlé ar an L8371 (lána dearg) tamall gearr roimh Bhaile Coimín agus lean é seo ar feadh 1 km.
Cas ar dheis agus lean Bóthar Chill Bhríde ar feadh 1.3km.
Cas ar chlé agus téigh anonn Droichead Bhaile Coimín.
Ansin cas ar dheis agus lean Bóthar an Locha ar feadh 5km.
Tá an láthair pháirceála thíos ag bun fána ar dheis chuig Zellers agus tá bunscoil ann freisin.
Trealamh agus feisteas riachtanach
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat: http://www.cnocadoiri.com/trealamh.html
Mura bhfuil tú i do bhall de na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost ina mbeidh d’ainm agus d’uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile, neasghaol mar shampla lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.
Arna eagrú ag na Cnocadóirí
Lá teaghlaigh
Seónna, péinteáil aghaidheanna, ceardlanna, spraoi céadfach, uachtar reoite
Meán lae go 2.30 pm
Ollphuball John Hume, Campas Thuaidh, Ollscoil Mhá Nuad
Imeacht saor in aisce
Eolas ag www.gaeilgenuada.ie
Arna eagrú ag Gaeilge Nuada i gcomhphairtíocht le Ollscoil Mhá Nuad
Dé Máirt an 25 Lúnasa
An bugaí beoga Grúpa siúlóide do mháithreacha nó cúramóirí i gcomhluadar do pháiste sa bhugaí! 10 am Bóithre Phortaigh Sheana Mhach, Casla, Co na Gaillimhe Tá an seisiún seo feiliúnach do mháithreacha a bhfuil páistí os cionn 6 seachtaine d’aois acu. Eolas agus clárú ag erin@tuismitheoiri.ie nó 085-2198929 Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Picnic le Teidí
Do theaghlaigh óga na Rosann
Meán lae
Páirc Peile CLG Naomh Muire, Na Méilte
Bíodh do theidí féin leat
Níl aon chostas ar an ócáid ach caithfear clarú roimh ré.
Eolas agus clárú, sile@tuismitheoiri.ie nó 085-2198747
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Siamsán LEGO
Do thuismitheoirí agus paistí bunscoile
2.30 go 3.30 pm
Craoibhín an Tearmainn
Cláraigh roimh ré le oisin@tuismitheoirí.ie nó 085-2198927
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Oíche Quasar – Glúin Nua na Gaeilge!
5.15 pm
The Planet, Inis
Ócáid Ghlúin Nua na Gaeilge, grúpa sóisialta Gaeilge do dhaoine idir 18 agus 30.
Imeacht saor in aisce
Clarú ar líne
Arna eagrú ag An Clár le Gaeilge
Dé Céadaoin an 26 Lúnasa
An Cinema Gaelach 1 pm Pobal Eascarrach, an Fál Carrach Cláraigh roimh ré le oisin@tuismitheoirí.ie nó 085-2198927 Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Biongó trí Ghaeilge
8 pm agus gach Céadaoin
Réidh na nDoirí, P12 F44
Eolas ar Facebook – Ionad Aise, Reidh na nDoirí
Déardaoin an 27 Lúnasa
Scileanna Coille trí Ghaeilge Aois 10-15 bl. 3.30 – 5 pm Teach Buirtín, Baile Átha Í, Cill Dara