Ceardlann scileanna coille trí Ghaeilge i dTeach Buirt

Beidh deis ag daoine óga scileanna praiticiúla faoin aer a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge ag ceardlann speisialta i dTeach Buirt, Co. Chill Dara, Déardaoin, an 27 Lúnasa.

Is í Dúlra Chill Dara atá ag eagrú na ceardlainne, atá dírithe ar dhaoine óga idir 10 agus 15 bliana d’aois. Beidh an ócáid ar siúl idir 3.30pm agus 5.30pm agus díreofar ar lasadh tine agus ar chócaireacht lasmuigh.

Is í seo an tríú ceardlann i sraith Scileanna Coille trí Ghaeilge. I measc na dtéamaí eile atá á bplé sa tsraith tá an bhithéagsúlacht, ceardaíocht dúlra, scileanna rópa agus struchtúir os cionn na talún.

Tá sé mar aidhm leis an gclár cabhrú le daoine óga ceangal níos láidre a chothú leis an dúlra, scileanna nua a fhorbairt agus muinín a fháil agus iad ag labhairt Gaeilge i dtimpeallacht chairdiúil agus thacúil.

Tá na ticéid saor in aisce a bhuíochas le maoiniú ó Chiste Spreagtha 2026. Tá líon na n-áiteanna teoranta, áfach, agus cuirfear ar fáil iad don té is túisce a chláraíonn.

Iarrfar ar rannpháirtithe a dheimhniú 48 uair roimh ré go mbeidh siad i láthair. Tá tuilleadh eolais agus sonraí áirithinte ar fáil ar dulracilldara.ie.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.