
Grianghraf: Andrew Downes, xposure
Tá bonn óir bainte amach ag Lorg Media, gníomhaireacht chruthaitheach mhargaíochta agus léiriúcháin atá lonnaithe i nGaillimh, i measúnú domhanda EcoVadis ar inbhuanaitheacht ghnó. Cuireann an toradh an ghníomhaireacht sa 5% is airde i measc breis agus 130,000 comhlacht a ndearna EcoVadis measúnú orthu ar fud an domhain.
Is é EcoVadis an soláthraí is mó ar domhan de mheasúnuithe inbhuanaitheachta gnó. Déantar scrúdú ar fheidhmíocht comhlachtaí faoi roinnt téamaí tábhachtacha, an comhshaol, cearta daonna agus saothair, agus eitic ina measc. Ba faoi chúrsaí eitice a fuair Lorg Media an scór ab airde.
Is suntasaí fós an toradh mar gurbh í seo an chéad uair a chuir an ghníomhaireacht isteach ar an measúnú. Dar le Lorg Media, léiríonn an bonn óir aibíocht oibríochta na cuideachta agus a tiomantas do chaighdeáin idirnáisiúnta sármhaitheasa.
“Is fianaise é an stádas órga seo ar na caighdeáin oibríochta a leanaimid,” a dúirt Loretta Ní Ghabháin, príomhoifigeach feidhmiúcháin Lorg Media. “Léiríonn an t-éacht seo cé chomh hullamh agus atáimid le mórfheachtais straitéiseacha a chur i bhfeidhm d’eagraíochtaí cultúrtha náisiúnta agus do pháirtithe san earnáil phoiblí.”
Dúirt Ní Ghabháin go bhfuil an comhlacht ag athbhreithniú a róil agus é ag féachaint chun cinn. Dar léi, níor cheart rath gnólachta a mheas de réir fáis agus forbartha amháin, ach ba cheart aird a thabhairt freisin ar oiliúint, ar chultúr inmheánach agus ar an tionchar a bhíonn aige ar an bpobal agus ar an gcomhshaol.
Tá Lorg Media ag díriú níos mó ar an mbithéagsúlacht áitiúil agus ar an éiceolaíocht sna ceantair ina bhfuil a foireann ag maireachtáil agus ag obair. Tá seaimpín bithéagsúlachta ceaptha ag an ngníomhaireacht agus tá comhpháirtíocht nua bunaithe aici leis an bPlean Uile-Éireann um Pailneoirí.
Bunaíodh Lorg Media in 2013 agus tá cáil bainte amach aici as scéalaíocht dhátheangach, léiriú físe agus cumarsáid straitéiseach. D’oibrigh sí le heagraíochtaí ar nós Fhoras na Gaeilge, RTÉ, Amharclann Náisiúnta na hÉireann agus An Taibhdhearc.
Dar leis an ngníomhaireacht, tugann an bonn óir muinín dá comhpháirtithe go bhfuil a rialachas inmheánach agus a cleachtais chomhshaoil chomh láidir agus chomh hinbhuanaithe lena cuid oibre cruthaithí.