
Grianghraf: Ivor Casey
Le déanaí, i ndiaidh chuairt an Rí Séarlas agus a mhná chéile ar an Teach Bán in Washington, chinn an tUachtarán Trump taraifí a bhaint d’uisce beatha ó Albain agus ó Shasana. Rachaidh sé seo chun tairbhe do thuaisceart na hÉireann freisin, ach beidh ar chomhlachtaí sna 26 contae uisce beatha sna an deich faoin gcéad a íoc. An bhfuil sé sin cothrom?
Sea, tá uisce beatha sa nuacht faoi láthair. Shocraigh mé cuairt a thabhairt ar Dhrioglann Chill Bheagáin ar bhruach Abhainn na Brosnaí i gContae na hIarmhí. Is stil bheag phota í. Mar aon le go leor drioglanna Éireannacha eile d’fhulaing drioglann Chill Bheagáin deacrachtaí airgeadais i dtús an fhichiú haois.
Cosúil le go leor sráidbhailte In Éirinn, tá stair fhada ag Chill Bheagáin. Bhunaigh Naomh Beagán mainistir sa cheantar sa séú haois. Is uaidh a thagann an t-ainm Cill Bheagáin, a chiallaíonn ‘eaglais Bheagáin’. Bhí cáil air mar dhuine den dáréag aspal a bhí ag Naomh Colm Cille. De réir an tseanchais bhí saol simplí paidreoireachta ag na manaigh ansin. Rinne siad obair thalmhaíochta agus chabhraigh siad leis an bpobal áitiúil. I rith na mblianta thit an bhunmhainistir seo as a chéile. Inniu níl aon rud fágtha de na foirgnimh chloiche ar an dromchla mar leagadh iad.
Roghnaíodh Cill Bheagáin mar shuíomh don drioglann mar gheall ar a acmhainní nadúrtha iontacha. Thairg an baile soláthar flúirseach de na trí phríomhchomhábhar don uisce beatha: uisce glan ó Abhainn na Brosnaí, grán eorna a bhí ar fáil go háitiúil agus móin ó na portaigh máguaird le haghaidh braiche agus breosla. Tógadh an drioglann le clocha ón tseanmainistir agus úsáideadh roth uisce as Abhainn na Brosnaí chun an t-innealra a chumhachtú.
Fear darb ainm Matthew McManus a bhunaigh an drioglann in 1757. Is féidir go raibh sé ag driogadh in áit eile sular chuir sé an drioglann i gCill Bheagáin ar bun. Cé go bhfuil eolas ar na blianta tosaigh gonta tugann doiciméad le fios go raibh drioglann ag feidhmiú le pota 232 galún agus aschur bliaintúil 1,500 galún aige sna blianta tosaigh. Ghlac John Locke seilbh ar an drioglann in 1843. Fuair sé bás in 1868 agus fágadh a bhean céile, Mary Anne, ina baintreach agus leanaí óga aici. In ionad an ghnólacht a bhí ag streachailt a dhíol thóg sí smacht iomlán ar an oibríocht mar phríomhdhriogaire agus mar bhainisteoir. Reáchtáil sí an áit go hiomlán léi féin. Spreag a ceannaireacht fás iontach i gCill Bheagáin ar feadh níos mó ná deich mbliana, tréimhse ina raibh an ghnólacht ag a buaicphointe.
Is é an difríocht idir modh driogtha Chill Bheagáin driogadh traidisiúnta na hÉireann ná go ndéantar driogadh faoi dhó i gCill Bheagáin seachas an driogadh faoi thrí. Déantar uisce beatha Éireannach cosúil le Jameson nó Bushmills a dhriogadh trí huaire. Leanann Cill Bheagáin an modh faoi dhó cosúil le huisce beatha na hAlban. Gan an triú driogadh a dhéanamh coimeádtar níos mó de bhlasanna nádúrtha an ghráin, rud a thugann blas níos láidre, níos saibhre agus níos mó carachtair don uisce beatha.
I nDrioglann Chill Bheagáin úsáidtear pota driogtha copair atá os cionn 180 bliain d’aois. Is é seo an pota driogtha oibre is sine ar domhan atá ag tairgeadh uisce beatha fós. Tugann an seandearadh copair seo blas uathúil traidisiúnta don bhiotáille. Le huisce beatha eile, de ghnáth, úsáidtear eorna bhraiche nó meascán de ghnátheorna agus eorna bhraiche. I gCill Bheagáin úsáidtear céatadán beag de choirce mar aon leis an eorna. Tá an t-oideas seo bunaithe ar sheanoidis ón naoú haois déag agus tugann an coirce uigeacht thar a bheith uachtarúil.
Is deas an rud é go bhfuil iarsmalann ar oscailt sa drioglann do chuairteoirí, ag taispeáint stair an uisce beatha. Thug an treoraí, Rose, go leor eolais dom. Bhí clú agus cáil ar roinnt daoine a bhain taitneamh as uisce beatha a tháirgtear i nDrioglann Chill Bheagáin. I measc na ndaoine is cáiliúla a d’ól é bhí Winston Churchill, Príomh-aire na Ríochta Aontaithe, an tógtha leis.
Baineann scéal Chill Bheagáin le hathléimneacht an phobail, ar éirigh leo drioglann stairiúil a thabhairt ar ais ó bhás. Rinne muintir an bhaile é a athchóiriú go grámhar sna 1980í agus rinne siad an suíomh stairiúil a chaomhnú agus d’éirigh leo an drioglann a thiontú ina hiarsmalann. Tá an t-ainm Locke le feiceáil fós ar dheatachán mór an ghléasra inniu. Anois tá sé ar cheann de na suíomhanna turasóireachta is mó tóir air i lár na tíre.
Is múinteoir meánscoile, scríbhneoir, ealaíontóir agus staraí í Nuala Holloway a bhfuil BA, HDipEd agus MA aici.