
rinne Aerfhórsa Nicearagua (FAN) – cuid den Gharda Náisiúnta (GN) – i rith
Mheitheamh agus Iúil 1979.
Grianghraf: Dora María Téllez
Faoi dheireadh na 1970í bhí Nicearagua i lár géarchéim thromchúiseach. Bhí ríshliocht Somoza, le tacaíocht SAM, i gceannas trí smacht a choinneáil ar an nGarda Náisiúnta. Bhí greim ag an gclann Somoza ar fhormhór na talún agus an tsaibhris, agus bhain siad leas as an stát mar ghnó clainne. Bhí smacht géar ann ar an bhfreasúra polaitiúil, bhí an chaimiléireacht faoi bhláth agus an éagothroime as cuimse. Bhí smacht ag uasaicme bheag bídeach ar chúrsaí tráchtála agus maoine fad is a bhí formhór na Nicearaguach beo bocht.
Chuaigh cúrsaí in olcas i ndiaidh feallmharú eagarthóir La Prensa, Pedro Jaoquín Chamorro, an guth ba láidre sa tír i gcoinne Somoza. Creideadh go raibh baint ag daoine laistigh den réimeas leis an bhfeallmharú. Go dtí sin bhí codanna éagsúla den tír easaontaithe, ach i ndiaidh fheallmharú Chamorro, tháinig cumainn ghnó, an cliarlathas Caitliceach, grúpaí mac léinn, agus lucht intleachtúil a bhí ar deoraíocht le chéile in éadan Somoza.
Bhí geilleagar na tíre ag dul go tóin poill chomh maith. Bhí fiacha an stáit ag ardú fad is a ghearr Somoza cánacha nua chun a líonraí pátrúnachta a choinneáil. Faoi lár 1978 ba bheag an dlisteanacht a bhí fágtha ag an réimeas.
Tháinig Fronta Náisiúnta na Saoirse Sandinista chun cinn sna 1960í. Ba ghrúpa treallchogaíochta Marxach iad na Sandinistas a tháinig faoi anáil gluaiseachtaí frith-impiriúlach, náisiúnacah agus réabhlóideacha sóisialta. Throid siad cogadh treallchogaíochta ar bheagán acmhainní ar feadh na mblianta. Ach faoi 1978, bhí an t-atmaisféar sa tír tar éis athrú. Faoin tráth sin bhreathnaigh ógánaigh na cathracha, oibrithe, agus codanna den mheánaicme ar an FNSS mar an t-aon fhórsa a d’fhéadfadh deireadh a chur le riail Somoza.
Ba sa chomhthéacs seo a lainseáil an FNSS a ghníomh ba mhó go dtí sin: hníomh an Pháláis Náisiúnta, a tharla ar an 22 Lúnasa 1978. Agus iad faoi cheilt mar bhaill den Gharda Náisiúnta, chuaigh fiche-ceathair cománlach faoi cheannaireacht Edén Pastora (“Comandante Cero”) ar ruathar ar an bPálás Náisiúnta in Managua. “Fág an bealach, seo linn el Hombre”, a dúirt duine de na cománlaigh agus iad ag teacht i dtreo an pháláis. Cheap cuid den Gharda Náisiúnta gur Somoza a bhí ag teacht seachas a gcuid naimhde.
Mharaigh na Sandanistas roinnt gardaí, gortaíodh tuilleadh, agus ghlac siad seilbh ar an bpálás ina raibh os cionn 1,500 duine. Tá an eachtra ar cheann de na heachtraí ba mhó giall i stair Mheiriceá Theas.
Bhí feisirí, oifigigh, gaolta le Somoza agus iriseoirí istigh sa Phálás faoi smacht na Sandinistas. Bhagair Pastora ar lucht tacaíochta an réimis, fad is a ghabh na cománlaigh baill foirne an rialtais. Ach ní fhéadfaidís smacht a choinneáil ar an méid a bhí ag tarlú agus d’éiligh na céadta trí fhuinneoga an pháláis. Scaoil na Sandinistas na páistí agus mná saor ina dhiaidh sin.
D’éiligh na réabhlóidithe go scaoilfí saor príosúnaithe polaitiúla, go n-íocfar airgead fuascailte, agus go ndéanfar communiqué leis an ngrúpa a chraobhscaoileadh, chomh maith le gealltanas go scaoilfí amach as an tír go sábháilte iad.
Bhí faitíos ar Somoza, agus é faoi bhrú mór go poiblí cheana féin, go ngortófaí go leor de na gialla, agus mar sin chuaigh sé i mbun idirbheartaíochta leis na Sandinistas.
Tar éis daichead a cúig uair an chloig rinne an rialtas craobhscaoileadh ar theachtaireacht na Sandinistas. D’fhág na cománlaigh go caithréimeach agus Panama mar cheann scríbe acu. Bhailigh na sluaite ar na sráideanna agus iad ag fágáil agus iad ag scairteadh “Síos le Somoza!” agus “Viva Sandinista!”.
Chuir an ruathar an lasair sa bharrach. Léiríodh laigí an réimis agus bhí cáil amach anois ar na Sandanistas. Ba thús é an ruathar a spreag réabhlóid an bhliain ina dhiaidh sin a chuir deireadh le riail éagórach Somoza.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.