Céard is brí leis an gcomhaontú idir an Tuirc, an Araib Shádach agus an Phacastáin?

Eoin Ó Murchú

Bhí iontas ar an domhan nuair a cuireadh tús le comhghuaillíocht mhíleata de chineál ECAT idir an Tuirc, an Araib Shádach agus an Phacastáin, agus iarracht á déanamh ag anailísithe tuiscint a fháil ar an tionchar a bheidh aici ar an gcaidreamh idirnáisiúnta, go háirithe ar na limistéir choinbhleachta in iarthar na hÁise.

Is comhartha soiléir é an t-athchóiriú seo ar chomhghuaillíochtaí slándála i measc cumhachtaí meánmhéide. Tá muinín i ról na Stát Aontaithe mar ráthaí deiridh ar chobhsaíocht dhomhanda ag dul i léig. 

Is comhghuaillí de chuid Washington í an Araib Shádach le fada an lá. Is ballstát de chuid ECAT í an Tuirc, ach ceann a amharcann uirthi féin mar cheannaire na stát i seanimpireacht na nOtamánach, agus is idirghabhálaí í an Phacastáin idir an Iaráin agus SAM ina gcoimhlint reatha.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.