Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 27 Samhain Caint agus Pionta Bhaile Átha ÍGrúpa comhrá Gaeilge7.30 pmFrank O’Briens, Baile Átha Í, Cill DaraEolas @caintaguspint ar Instagram nó caintaguspint@gmail.com Oíche airneáilLeis an mBruach Thoir8 pmTigh an…

Bhuaigh coiste deonach i nGaeltacht Phort Láirge príomhdhuais Ghradaim na Gaeltachta 2026 as páirc uile-aimsire a thógáil sa Rinn. Bronnadh Gradam Phádraig Uí Aoláin ar an bhfiontar pobail ag searmanas in Óstán Chois Fharraige Déardaoin ar an 19 Samhain. Bhuaigh an pháirc gradam réigiún an deiscirt freisin. Tugann an áis deis d’imreoirí de gach aois…

Tugadh aitheantas don obair fhorleathan atá ar bun chun an Ghaeilge a chur chun cinn i bpobail Bhaile Átha Cliath Theas ag ócáid seolta de chuid Gaeilge365 agus Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas i Halla an Chontae i dTamhlacht Dé Máirt seo caite. Bhí sé mar aidhm ag an ócáid ceiliúradh a dhéanamh ar…
Tá aitheantas náisiúnta bainte amach ag Cumann Gaelach Chontae Laoise agus an cumann roghnaithe ag Conradh na Gaeilge mar Chraobh na Míosa do mhí na Samhna. Is éacht suntasach é seo don chumann, a bunaíodh i mí na Nollag anuraidh, go háirithe ós rud é go bhfuil breis agus 200 craobh ag Conradh na Gaeilge…

Bhí áthas orm a bheith ábalta a bheith i láthair ag ardfheis bhliantúil ELEN in Óstán an Europa i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite. Is é is brí le ELEN an Líonra Eorpach um Chomhionnanas Teangacha. Ní mhíníonn an teideal a bpriomhchúspóir áfach. Baineann sin le teangacha mionlaithe, atá i mbaol, a chaomhnú, a…
Nuair atá ainmfhocal cinnte sa ghinideach tar éis ainmfhocal eile, ní chuirtear an t-ainmfhocal eile sa ghinideach, ach séimhítear a thúschonsan más féidir. Féach na samplaí seo a leanas: Seo é gluaisteán Shíle. → Cá bhfuil eochair ghluaisteán Shíle? Cad é polasaí eagarthóireachta an nuachtáin? → Pléadh príomhphointí pholasaí eagarthóireachta an nuachtáin Tá balla mo…
Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas. Sa lá atá inniu ann tá comhar creidmheasa le fáil i mbeagnach gach baile, bruachbhaile, sráidbhaile agus pobal in Éirinn. Ach ní mar sin a bhí an scéal i gcónaí. Sna caogaidí bhí geilleagar na tíre in ísle brí le dífhostaíocht an-ard. Bhí bochtanas…
An uair dheireanach rinneadh cur síos ar Bhuachaillí Bána oirdheisceart Thiobraid Árann idir 1802 agus 1805. Dream iad seo a tháinig ó aicme na gcoiteoirí agus an lucht oibre tuaithe. Bhí an ropaire mór le rá Caravat Hanley i bhfeighil ar dhream acu ar ar glaodh Rainseirí na Maoile. Bhí aithne air sa cheantar de…

Cé go bhfuil báid éagsúla againn sa traidisiún in Éirinn, ag fás aníos i gCorca Dhuibhne dom ba é an naomhóg an ceann ba thábhachtaí ar fad ar fad. Bád iontach láidir álainn atá mar chuid den tírdhreach againn dáiríre. An saghas báid céanna a mbíodh mo sheanathair, Seán Mhaidhc, ag iascach ann amach ó…