
Tá an t-éileamh ar chúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge i réimsí amhail an tsíceolaíocht, an eolaíocht agus an stair á fhiosrú mar chuid de thaighde náisiúnta atá ar bun in Ollscoil na Gaillimhe. Beidh deis ag mic léinn, léachtóirí, múinteoirí meánscoile agus daoine atá ag obair san earnáil phoiblí a dtaithí agus a dtuairimí a…

Tá gá le níos mó aitheantais do chanúintí Gaeilge Mhaigh Eo agus le deiseanna níos fearr dá gcainteoirí teacht le chéile, dar le Darren Ó Riagáin, a thug léacht faoi shaibhreas teanga an chontae ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Ag labhairt le An Páipéar, dúirt sé gur chuir an slua a tháinig chuig…

Is toradh ar chairdeas agus ar chomhrá laethúil Gaeilge é an leabhar nua faoi spórt agus polaitíocht in Éirinn atá scríofa ag Paul Rouse agus Cathal Billings, dar leis an staraí Rouse, a bhí ag labhairt le An Páipéar ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Seo an chéad leabhar iomlán Gaeilge le Rouse, agus…

Tá GaelStair, an chartlann Ghaeilge is mó sna sé chontae, ag iarraidh cur lena bailiúchán stairiúil agus scéalta phobal na Gaeilge a thabhairt os comhair lucht féachana níos leithne ar fud na tíre. Ó bhunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste go dtí athbheochan na Gaeilge sa tuaisceart, tá réimse leathan scéalta, cuimhní cinn agus…
Craoladh clár spéisiúil le gairid ar RTÉ faoi thrialacha chailleacha Oileán Mhic Aodha i gContae Aontroma agus an iarpaiteolaí stáit, an Dr Marie Cassidy, ina láithreoir. In 1711 fuair baintreach leis an ministir Preispitéireacha, Ann Haltridge, bás in Oileán Mhic Aodha. Chreid go leor den phobal go raibh baint ag fórsaí osnádúrtha lena bás. Go…

Cé gur ceird í an lásadóireacht a tugadh isteach sa tír, tá ár gcruth féin curtha againn uirthi agus í neadaithe i dtraidisiún ceardaíochta na tíre. Le linn an naoú haois déag a tháinig tionscal na lásadóireachta chun cinn. Bróidnéireacht agus fuáil atá i gceist leis an lásadóireacht i ndáiríre, agus bhí na scileanna sin,…
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ín, formhór na n-ainmfhocal dar críoch guta agus líon beag ainmfhocal eile. Tá na hainmneacha ceirde dar críoch guta sa cheathrú díochlaonadh firinscneach, mar shampla ceardaí, ceannaí, cócaire, altra. Tá na hainmfhocail theibí a chumtar ó aidiachtaí agus a chríochnaíonn ar -e sa díochlaonadh seo baininscneach, mar shampla airde, gile, saoirse.…
Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas. Sula raibh cloig dhigiteacha nó córais dhomhanda chumarsáide againn bhí an t-am in Éirinn á rialú ag rudaí iomlán difriúil seachas mar atá inniu. San am atá thart bhí am áitiúil na hÉireann bunaithe go hiomlán ar sheasamh na gréine sa spéir ag pointe…

Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 6/11/26 07:00 Nead na Fuiseoige 08:00 Adhmhaidin 09:00 Príomhscéalta na Nuachta 09:15 Iris Aniar 10:15 Cuideachta Ceoil 10:55 Tuairisc Spóirt 11:00 Barrscéalta 12:00 Príomhscéalta na Nuachta 12:08 An Saol ó Dheas 13:00 Nuacht a hAon 14:00 Tuairisc Spóirt 14:05 Focal ar Fhocal 14:30 Blas 15:00 Pé Scéal é 17:00 Tús…

Tá an coirdhráma Gaeilge CRÁ ar ais ar TG4, leis an dara sraith sé chlár, tar éis don chéad sraith duaiseanna a bhaint amach agus a bheith díolta le 68 tír ar fud an domhain. Beidh na sé chlár nua ar fáil ar TG4+, an leagan nua feabhsaithe de Sheinnteoir TG4, ón oíche chéanna, rud…