CRÁ filte ar TG4 leis an dara sraith tar éis rath idirnáisiúnta 

Tá an coirdhráma Gaeilge CRÁ ar ais ar TG4, leis an dara sraith sé chlár, tar éis don chéad sraith duaiseanna a bhaint amach agus a bheith díolta le 68 tír ar fud an domhain.

Beidh na sé chlár nua ar fáil ar TG4+, an leagan nua feabhsaithe de Sheinnteoir TG4, ón oíche chéanna, rud a thabharfaidh deis don lucht féachana féachaint ar an tsraith iomlán láithreach nó í a leanúint go seachtainiúil ar TG4.

Faoin teideal idirnáisiúnta Boglands a díoladh an chéad sraith thar lear, agus tá an dara sraith suite arís i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall.

Fillfidh Dónall Ó hÉalaí i bpáirt an Gharda Conall Ó Súilleabháin, atá anois ina bhleachtaire faoi oiliúint agus é ag tabhairt aghaidh ar chásanna nua, ar choimhlintí dílseachta agus ar iarmhairtí a chuid caingne san am atá caite.

Ag deireadh na chéad sraithe, fuair Conall amach cad a tharla dá mháthair, Sabine, ar thángthas ar a corp curtha sa phortach.

Díreoidh an tsraith nua ar shaol pearsanta agus gairmiúil lucht forfheidhmithe an dlí i gceantar na teorann, áit a mbíonn an teorainn idir an mhaith agus an t-olc doiléir.

Beidh Alex Murphy, Hannah Brady, Colm Mac Giolla Easbuic, Barry McGovern, Siobhán O’Kelly, Lochlann Ó Mearáin, Art Parkinson, Aoife Nic Ardghail, Tony Devlin, Seán Duggan agus Tara Breathnach i measc na n-aisteoirí eile.

Dúirt Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, gur chuir rath na chéad sraithe an-áthas ar an gcraoltóir.

“Thaitin an chéad sraith de CRÁ go mór leis an lucht féachana agus is cúis ríméid dúinn é an tsraith a bheith ar ais arís,” a dúirt sí.

Is iad Fíbín Media agus Fíbín Films NI a léirigh an dara sraith do TG4 agus BBC Gaeilge, le tacaíocht ó Fhís Éireann, Scáileán Thuaisceart Éireann agus Coimisiún na Meán.

Is é Philip Doherty a stiúraigh na sé chlár, agus bhí Richie Conroy, Sarah Gordon, Damian McCann, Noel McCann, Aoife Nic Ardghail agus Doherty féin ar an bhfoireann scríbhneoireachta.

Dúirt an léiritheoir feidhmiúcháin Darach Ó Tuairisg gur chuir an chéad sraith domhan dorcha sainiúil os comhair an lucht féachana agus go mbeadh níos mó iontais fós sa dara sraith.

Dar le hÁine Walsh ó Scáileán Thuaisceart Éireann, léiríonn rath CRÁ an t-éileamh méadaitheach ar dhrámaíocht uaillmhianach Ghaeilge agus an tábhacht a bhaineann le comhoibriú uile-oileáin.

Beidh an dara sraith ar fáil freisin ar BBC iPlayer, agus táthar ag súil go leanfaidh sí den rath idirnáisiúnta a bhí ar an gcéad cheann.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.