
Chuir Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, tús lena cuairt oifigiúil ceithre lá ar Albain le cruinniú le Céad-Aire na tíre, John Swinney, i nDún Éideann. Chuir an tUasal Swinney agus a bhean chéile, Elizabeth Quigley, fáilte roimh an Uachtarán agus a fear céile, Brian McEnery, ag Taigh Bhóid, áit chónaithe oifigiúil Chéad-Aire na hAlban. Bhí…

Bhí os cionn 250,000 duine i láthair ag Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo ar an Screagán, Contae Uíbh Fhailí, áit ar tháinig feirmeoirí, polaiteoirí agus cuairteoirí le chéile ar feadh trí lá. Ba é seo an cúigiú bliain a reáchtáladh an t-imeacht ar an Screagán, an cúigiú comórtas agus nócha. Bhí breis agus 350…
Samhlaigh go bhfaigheann tú ríomhphost ó Revolut maidin Dé hAoine ag rá go bhfuil cóip de do phas, seoladh do thí agus do stair idirbheart iomlán tugtha go calaoiseach do dhuine a lig air féin gur rialtas a bhí ann. Níor cailleadh pingin. Cailleadh rud nach féidir a athsholáthar chomh héasca – fios ag coirpeach…
Tá na daoine a fhorbraíonn an teicneolaíocht is cliste ar domhan ag rá go bhféadfadh sí muid uile a mharú faoi dheireadh na ndeich mbliana seo. Sin an rabhadh a thug Jacob Coxon, taighdeoir Briotanach atá 27 bliain d’aois, le déanaí. Chaith sé trí bliana ag forbairt córais intleachta saorga (IS) ag dhá chomhlacht de…

Déanfar ceiliúradh ar an obair chruthaitheach agus luachmhar atá ar bun ag pobail Ghaeilge agus Ghaeltachta ar fud na tíre ag Ardán 26, a bheidh ar siúl in Óstán Chonnacht, Gaillimh, Dé Sathairn an 19 Meán Fómhair. Is comórtas náisiúnta úr de chuid Ghlór na nGael é Ardán, a thugann aitheantas do ghrúpaí atá ag…
Tá tús curtha ag Foras na Gaeilge le hobair ullmhúcháin chun féidearthacht ionaid léirmhínithe don Ghaeilge i mBéal Feirste a fhiosrú, mar chuid de shraith cinntí a ghlac bord na heagraíochta maidir le forbairt na teanga agus tacaíocht do ghrúpaí pobail. Ag cruinniú boird a reáchtáladh i gceannáras Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath…

Tá comhpháirtíocht nua seolta ag An Post agus Kabin Crew chun daoine óga ar fud na hÉireann a spreagadh lena nguth, lena gcruthaitheacht agus lena gcuid smaointe a úsáid chun athrú dearfach a chruthú. Seoladh an feachtas ar Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta agus tá amhrán úrnua, scríofa agus léirithe ag baill de Kabin Crew, mar…

Tá céannacht amhairc nua nochta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe atá fréamhaithe in oidhreacht shibhialta agus mhuirí na cathrach agus a thugann áit níos feiceálaí don Ghaeilge. Coinnítear an marún mar phríomhdhath sa dearadh nua, agus úsáidtear gorm freisin mar léiriú ar Abhainn na Gaillimhe. Tá an litir bheag “g” i gcroílár na céannachta, agus…

Tá cinneadh d’aon ghuth déanta ag an giúire in ionchoisne báis Noah Donohoe Dé Máirt. Rinneadh na cinntí i ndiaidh cúig lá de bhreithniú. Bhí an t-ionchoisne ag amharc ar na cúinsí bhás Noah Donohoe. Chuaigh Noah, 14, ar iarraidh i mí Mheithimh 2020 agus thángthas ar a chorp seachtain ina dhiaidh sin i dTuaisceart…

Beidh Údarás na Gaeltachta ag tacú le Tionól Náisiúnta Intleachta Saorga TechIreland 2026, a bheidh ar siúl i nGaillimh Déardaoin, an 24 Meán Fómhair. Tabharfaidh an t-imeacht ceannairí tionscail, saineolaithe teicneolaíochta, lucht déanta beartas agus nuálaithe le chéile chun plé a dhéanamh ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le húsáid na hintleachta saorga…