Tá Dún Garbhán agus Gaeltacht na nDéise ag ullmhú do dheireadh seachtaine lán le ceol, cultúr agus spraoi agus Féile Mheithimh le bheith ar siúl ón 12 go dtí an 14 Meitheamh. Tá clár fairsing imeachtaí curtha le chéile ag lucht eagraithe na féile, le rud éigin ann do gach aoisghrúpa agus do gach leibhéal…
Cathal Ó Murchú Le tús Chorn an Domhain sa sacar faoi lánseol anois, mar a bhíonn gach ceithre bliana, tá fadhbanna móra ag baint le ceann amháin de na trí thír óstacha agus a gcumas ócáid spóirt domhanda den chineál seo a óstáil i gceart. Bhí a lán conspóide ann leis na Stáit Aontaithe a…

Bhí deis ag daltaí bunscoile i gConamara foghlaim faoin tábhacht a bhaineann le fuinneamh a chaomhnú agus le húsáid leictreachais a laghdú le linn ceardlainne speisialta a reáchtáil Clár na Scoileanna Glasa de chuid an Taisce i gcomhpháirtíocht le EirGrid le déanaí. Tionóladh an cheardlann i Scoil Naomh Ciarán, Cill Chiaráin, áit ar ghlac daltaí…
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh a léitheoirí as bhur bhflaithiúlacht le linn an fheachtais slua-chistithe. D’éirigh linn an €2,000 a bhailiú chun táille bhallraíochta Chomhairle Preasa na hÉireann a íoc. Tá iarratas deontais curtha isteach againn ar an Scéim Tuairiscithe Nuachta. Feicfimid an éireoidh linn. Má éiríonn beidh ár gcéad fostaí againn,…
Pádraig de Burca Tá dríodar gach áit ar an idirlíon. Ach anois, tá an pobal ag troid ar ais. I mí na Nollag 2025 sheol Coca-Cola fógraí Nollag a gineadh go hiomlán le hintleacht shaorga. Bhí siad lonrach, foirfe, agus uafásach. “Gan anam,” a scairt lucht féachana. Dríodar digiteach a tugadh orthu. Theip go huafásach…
Tá conspóid mhór ag baint le hionaid sonraí, an rialtas ag maíomh go gcuireann siad leis an ngeilleagar de bhrí go gcuireann siad comhthéacs fáiltiúil ar fáil don infheistíocht theicniúil ó thar lear, ach lucht cosanta na timpeallachta ag gearán go n-ardaíonn na hionaid chéanna praghas leictreachais don ghnáth-theaghlach agus go gcruthaíonn siad astaíochtaí breise…
Cóisir Cheoil, á chur i láthair ag Dónall Mac Ruairí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chun liosta de na 30 amhrán Gaeilge is ansa leis na Gaeil a chur le chéile Beidh lá mór ceoil agus ceiliúrtha romhainn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an 23 Meitheamh nuair a chraolfar eagrán speisialta de Cóisir Cheoil…
Laura Heeney Cé chomh fada is a rachfá le dul ag damhsa i bpáirc le 700 Gael? 18,000km, de réir cosúlachta. Ó Sydney, Sasana, Lucsamburg, agus an Albain, tháinig daoine as achan chearn den domhan le freastal ar Fhéile na Gealaí 2026. Má tá Síofra Ní Lionsaigh in ann taisteal ón Astráil go Ráth Chairn…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 12 Meitheamh Seisiún ceoil thraidisiúnta agus Tob-Ghaeltacht6.30 pmBeckett’s BarArna eagrú ag CLG Ghaeil Cholann Dé Sathairn an 13 Meitheamh Pilates agus caifeRang uair an chloig agus caife saor in…
Séamus Ó Cathasaigh Ar an 30 Bealtaine osclaíodh go hoifigiúil Ionad Pobail Áine Ní Dheagláin i Saoirsí Bhaile Átha Cliath. Chuir an fhoireann taobh thiar den tionscnamh fáilte roimh mhuintir na háite freastal ar chruinniú poiblí agus cóisir shráide sa seanteach tábhairne ar Shráid an tSeomraigh.Taobh thiar den bheár, nach ndíolfar alcól uaidh go deo…