Daltaí i gConamara ag glacadh ceannaireacht ar chaomhnú fuinnimh

Bhí deis ag daltaí bunscoile i gConamara foghlaim faoin tábhacht a bhaineann le fuinneamh a chaomhnú agus le húsáid leictreachais a laghdú le linn ceardlainne speisialta a reáchtáil Clár na Scoileanna Glasa de chuid an Taisce i gcomhpháirtíocht le EirGrid le déanaí.

Tionóladh an cheardlann i Scoil Naomh Ciarán, Cill Chiaráin, áit ar ghlac daltaí agus múinteoirí páirt i réimse gníomhaíochtaí praiticiúla agus turgnamh a chuidigh leo tuiscint níos fearr a fháil ar thomhaltas fuinnimh agus ar na bealaí éagsúla ar féidir leo fuinneamh a shábháil ina dtithe, ina scoileanna agus ina bpobail féin.

Bhí an t-imeacht mar chuid de shraith ceardlann fuinnimh atá ar siúl ar fud na tíre i rith na bliana acadúla. Díríodh ar bhunphrionsabail an fhuinnimh agus ar na céimeanna simplí ach éifeachtacha is féidir le daoine óga a ghlacadh chun úsáid leictreachais a bhainistiú níos fearr.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.