Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh a léitheoirí as bhur bhflaithiúlacht le linn an fheachtais slua-chistithe. D’éirigh linn an €2,000 a bhailiú chun táille bhallraíochta Chomhairle Preasa na hÉireann a íoc. Tá iarratas deontais curtha isteach againn ar an Scéim Tuairiscithe Nuachta. Feicfimid an éireoidh linn. Má éiríonn beidh ár gcéad fostaí againn, rud a chuirfidh le buaine An Páipéar. Beidh sé i gceist againn cur isteach ar scéimeanna eile de Choimisiún na Meán agus eagraíochtaí stáit eile amach anseo. 

Ba chóir, mar sin, go mbeidh foireann mhaith againn roimh dheireadh na bliana, má éiríonn leis na hiarratais sin. Cuirfidh sé seo go mór le caighdeán An Páipéar. Is céim mhór é dúinn agus ní fhéadfaimis é a dhéanamh gan bhur dtacaíocht. Coinneoidh mé sibh ar an eolas faoi fhorbairtí i dtaobh an deontais seo amach anseo. Go deimhin, b’fhéidir go mbeidh spéis agat cur isteach ar an ról iriseoireachta.  

Mar eolas daoibh tá an leathanach tabhartais ann i gcónaí, https://anpáipéar.ie/tabhartas/ agus tá míle fáilte romhaibh cibé méid is mian libh a sheoladh isteach chugainn. Is muidne an t-aon mheán Gaeilge nach bhfuil ag fáil buandeontas stáit agus nach bhfuil mar chuid de na mórmheáin Bhéarla, agus mar sin cuidíonn gach cent a fhaighimid ón bpobal le cur le forbairt An Páipéar.

Céim ar chéim a thógtar na caisleáin, nó An Páipéar sa chás seo!

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.