Dríodar intleachta saorga agus frithdhríodar 

Pádraig de Burca

Tá dríodar gach áit ar an idirlíon. Ach anois, tá an pobal ag troid ar ais.

I mí na Nollag 2025 sheol Coca-Cola fógraí Nollag a gineadh go hiomlán le hintleacht shaorga. Bhí siad lonrach, foirfe, agus uafásach. “Gan anam,” a scairt lucht féachana. Dríodar digiteach a tugadh orthu. Theip go huafásach ar an bhfeachtas. Ba é seo an nóiméad a thosaigh Tadhg an mhargaidh ag labhairt go hoscailte faoi dhríodar intleachta saorga.

Scannail agus frithghníomhartha

I mBealtaine 2026 bhuaigh an t-údar Jamir Nazir duais liteartha réigiúnach lena ghearrscéal The Serpent in the Grove. Ansin, dhearbhaigh brathadóirí intleachta saorga gur gineadh an téacs go hiomlán le meaisín. Scannal. Cé acu duine nó algartam a scríobh é? Tá an cheist sin anois mar chnámh spairne i measc scríbhneoirí.

Idir an dá linn, d’eagraigh Institiúid na Fraince taispeántas dar teideal From Spam to Slop (Ó Thurscar go Dríodar) i bPáras. Scrúdaíonn sé an bhearna idir ealaín bhunaithe agus turscar agus an t-ábhar tráchtála gan anam a ghineann an intleacht shaorga, dríodar. Taispeántas dáiríre atá ann, agus cruthúnas nach i dtíortha an Bhéarla amháin atá an díospóireacht.

Ealaíontóirí ag filleadh ar an déantús láimhe

Tá ealaíontóirí ag glacadh leis an bhfabht mar chomhartha iontaofachta. Tá an dearthóir Michael Schmelling ar thús cadhnaíochta sa ghluaiseacht seo sna Stáit Aontaithe, ag baint úsáid as líníochtaí garbha, scríobacha, agus aeistéitic atá chomh fada agus is féidir ó fhíseáin shnasta na hintleachta saorga. Mar a thug The Guardian faoi deara, is é an smúit agus an líne chráite an t-arm nua in aghaidh na foirfeachta saorga.

Frithdhríodar in Éirinn

I nGaillimh tá na chéad chomharthaí le feiceáil. Tá ealaíontóirí ag filleadh ar an bpreas lámhdhéanta agus ar irisí féinfhoilsithe neamhthráchtála chun teacht slán ón snas digiteach. Níl féile mhór againn fós, ach tá an ghluaiseacht ag fás. 

Ní diúltú don teicneolaíocht atá i gceist, ach saoirse an duine, an ceart a bheith liobarnach, mínéata, agus beo.