Cén buntáiste i ndáiríre atá ann dúinn as na hionaid sonraí?

Eoin Ó Murchú

Tá conspóid mhór ag baint le hionaid sonraí, an rialtas ag maíomh go gcuireann siad leis an ngeilleagar de bhrí go gcuireann siad comhthéacs fáiltiúil ar fáil don infheistíocht theicniúil ó thar lear, ach lucht cosanta na timpeallachta ag gearán go n-ardaíonn na hionaid chéanna praghas leictreachais don ghnáth-theaghlach agus go gcruthaíonn siad astaíochtaí breise nuair is cóir iad a laghdú.

Go hachomair, tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis na hionaid sonraí.

Ó thaobh fostaíochta de, léiríonn sonraí ón rialtas go bhfuil 21,000 post ag baint go díreach leis na hionaid sonraí. Tá siad tábhachtach freisin d’earnáil na faisnéise, ríomhaireachta agus teicneolaíochta níos leithne, a fhostaíonn thart ar 180,000 duine agus a bhraitheann ar bhonnstruchtúr digiteach na n-ionad sonraí.

Ach ar an taobh eile tá poist bhuana teoranta i gcomparáid le hinfheistíocht, agus tá leibhéal ard uathoibrithe san earnáil. Thairis sin, ar ndóigh, bíonn ciorruithe fostaíochta teicneolaíochta fós ann, féach Meta mar shampla.

Maidir le húsáid leictreachais de, deirtear go dtiomáintear infheistíocht i bhfuinneamh in-athnuaite trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta Corparáideacha, agus go bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh ríomhaireachta dá bharr.

Ach ídíonn na hionaid sonraí 22% de chumhacht leictreachais an stáit, an céatadán is airde sa domhan, agus tá tuartha ag EirGrid go mbeidh níos mó ná 30% i gceist faoi 2030. Mar gheall ar an éileamh seo ar leictreachas, agus brú ar an gcóras dá bharr, tá billí leictreachais an ghnáth-theaghlaigh sa stát méadaithe suas le €360 sa bhliain idir 2015 agus 2023, de réir taighde a choimisiúnaigh Cairde an Domhain.. 

Ach is é an brú dearfach ar an stát seo mar mhol digiteach straitéiseach an chloch is láidre ar phaidrín an rialtais, cé go ndeir lucht a gcáinte go dtreisíonn sé sin ár spleáchas eacnamaíoch ar infheistíocht ó thar lear, nó infheistíocht dhíreach coigríche, agus gur sampla é den chaoi a gcuireann an rialtas riachtanais na teicneolaíochta roimh bhonnstruchtúr sóisialta agus riachtanais a saoránach féin. Tagraíonn siad do phatrún ina gcuirtear iarracht agus acmhainní suntasacha stáit (fuinneamh, talamh, bonnstruchtúr) faoi bhráid leathnú ionad sonraí do chuideachtaí ilnáisiúnta, agus seirbhísí poiblí ar nós bonnstruchtúir chúraim sláinte ag titim ar gcúl.

Fuair staidéar a choimisiúnaigh an rialtas go gcabhraíonn acmhainní na n-ionad sonraí le suas le 94,000 post i ngnólachtaí ilnáisiúnta faoi úinéireacht eachtrach a dhaingniú, toisc go gcruthaíonn sé lorg infheistíochta “greamaitheach” a fhágann gur lú an seans go bhfágfaidh cuideachtaí Éire.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, ámh, nuair a bhíonn siad tógtha, go bhfuil ionaid sonraí nua-aimseartha an-uathoibrithe agus nach gcruthaíonn siad líon mór poist bhuana i gcomparáid le scála a n-infheistíochta.

Is é an cheist is conspóidí maidir le hionaid sonraí ná a n-ocras craosach le haghaidh leictreachais, a bhfuil iarmhairtí fadréimseacha aige don stát ar fad.

Cuireann an t-éileamh ollmhór agus seasmhach ó láithreacha sonraí iallach ar an margadh leictreachais brath níos minice ar ghás costasach chun freastal ar bhuaicéileamh, rud a shocraíonn praghas mórdhíola an leictreachais. 

Íocann teaghlaigh Éireannacha beagnach dhá oiread an ráta do mhuirir gréasáin leictreachais i gcomparáid le hionaid sonraí mhóra. Tá sé seo tar éis a bheith ina ábhar éilimh go bhfuil úsáideoirí tí i ndáiríre ag tabhairt fóirdheontas do na fathaigh theicneolaíochta ilnáisiúnta seo.

Ar an taobh dearfach, tá tiomantas tugtha ag fathaigh theicneolaíochta ar nós Microsoft do 100% dá n-ídiú leictreachais a mheaitseáil le fuinneamh in-athnuaite. Soláthraíonn a gcomhaontuithe ceannaigh cumhachta fadtéarmacha le feirmeacha gaoithe agus gréine an chinnteacht airgeadais atá ag teastáil chun acmhainn in-athnuaite nua a thógáil, agus ar an gcaoi sin dlús a chur leis an aistriú glas.

Ag an deireadh thiar níl aon fhreagra ar an gconspóid ach costas na n-ionad a chur ar na comhlachtaí móra ilnáisiúnta.

Chuige sin tá pleanáil ag teastáil ag leibhéal an stáit, ach ó thaobh na hidé-eolaíochta de níl an stát oscailte dá leithéid, ag éileamh ina ionad sin go bhfágfar na cinní don mhargadh príobháideach.

Fágann an dearcadh seo gur ar dhroim an phobail i gcoitinne atá an t-ualach gan mórán maitheasa ag teacht ar ais mar chúiteamh ar an bpian.