Amhrán RnaG – an tAmhrán is Ansa Linn 

Cóisir Cheoil, á chur i láthair ag Dónall Mac Ruairí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chun liosta de na 30 amhrán Gaeilge is ansa leis na Gaeil a chur le chéile 

Beidh lá mór ceoil agus ceiliúrtha romhainn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an 23 Meitheamh nuair a chraolfar eagrán speisialta de Cóisir Cheoil le Ceolfhoireann Choirme RTÉ, ina nochtfar na 30 amhrán Gaeilge is ansa le héisteoirí na stáisiúin.

Tá an tionscnamh mar chuid de chomóradh céad bliain de chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn, agus tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag iarraidh ómós a thabhairt do shaibhreas agus d’oidhreacht an cheoil Ghaeilge trí liosta de na hamhráin is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal a chur le chéile.

Le roinnt seachtainí anuas, tá Cóisir Cheoil, atá á chur i láthair ag Dónall Mac Ruairí, ag bailiú moltaí ó éisteoirí ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Tugadh cuireadh don phobal a rogha phearsanta a ainmniú, cibé acu amhrán traidisiúnta, bailéad, nó saothar nua-aimseartha é.

Déanfaidh painéal moltóirí, atá comhdhéanta de shaineolaithe ar cheol agus ar amhránaíocht na Gaeilge, scagadh ar na moltaí uile sula gcuirfear an liosta deiridh le chéile. Tá go dtí an 10 Meitheamh ag éisteoirí a gcuid roghanna a chur isteach trí shuíomh gréasáin RTÉ.

Le linn mhí an Mheithimh, beidh Dónall Mac Ruairí ag comhaireamh síos cuid den liosta ar an gclár, agus fógrófar na hamhráin atá suite idir uimhir 30 agus uimhir 11. Coinneofar an deichniúr is fearr faoi rún go dtí an craoladh beo speisialta.

Craolfar an clár mór beo ó Stiúideo 1 i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath, idir 4 agus 5 pm ar an 23 Meitheamh. Le tionlacan ó Cheolfhoireann Choirme RTÉ, nochtfar na hamhráin atá sa deichniúr is fearr agus, sa deireadh, ainmneofar Amhrán RnaG – an tAmhrán is Ansa Linn.

Tá súil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go spreagfaidh an feachtas comhrá agus díospóireacht faoi na hamhráin Ghaeilge is mó a mhúnlaigh saol agus cuimhní na n-éisteoirí thar na blianta.

Is féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh sa bhfeachtas ar na meáin shóisialta freisin trí @rternag agus an haischlib #AmhránRnaG a úsáid.


Comórtas

Tá deis agat a bheith i lathair ag an ocaid speisialta seo, le buíochas do RTÉ Raidió na Gaeltachta as dhá ticead a chur ar fáil do An Páipéar mar dhúis.

Níl agat ach an ceist seo a freagairt:

Cé atá mar laithreoir ‘Coisir Cheoil’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta?

Sheol an freagra, d’ainm agus uimhir ar ríomhphost go eagarthoir@anpaipear.ie
Tá agat go dtí 9 am ar an 22 Meitheamh le chur isteach ar an gcómórtas.