Laura Heeney
Cé chomh fada is a rachfá le dul ag damhsa i bpáirc le 700 Gael? 18,000km, de réir cosúlachta.
Ó Sydney, Sasana, Lucsamburg, agus an Albain, tháinig daoine as achan chearn den domhan le freastal ar Fhéile na Gealaí 2026.
Má tá Síofra Ní Lionsaigh in ann taisteal ón Astráil go Ráth Chairn Glas na Mí don fhéile Ghaelach, ní bheidh leithscéal agam riamh arís gan dul chuig an chóisir sin. Nuair a chuir mé ceist uirthi mar gheall uirthi, d’amharc sí orm mar a bheadh deargadh na gealtachta orm – ‘Is í Féile na Gealaí í?’
Maith go leor, a dúirt mé.
Bean Ráth Chairn eile atá dílis don fhéile is ea í Saoirse Nic Aogáin. Tá baile Shaoirse 10 méadar ón pháirc ina bhfuil an fhéile. An chéad deireadh seachtaine de mhí an Mheithimh achan bhliain bíonn ar a laghad 10 gcloigeann sa bhreis ar urlár an tseomra suite, ceathrar trasna a chéile i ngach aon leaba sa teach, agus 3 phuball ar chúl a tí le daoine iontu nár bhuail sí leo riamh, a chaill amach ar thicéad campála. Ó 2016 go 2026 tá achan uile Fhéile na Gealaí feicthe aici, agus achan chréatúr a thagann leo. Le dhá bhliain anuas tá sí i ndiaidh taisteal ó Lucsamburg le freastal ar fhéile na bliana;
‘Is í Féile na Gealaí an deireadh seachtaine is fearr sa bhliain ar fhéilire na nGael. Seans go ndéarfadh daoine an rud céanna faoi Oireachtas na Samhna, ach mar bhean Ráth Chairn, níl áit ar bith, ná féile ar bith cosúil léi. D’fhéadfainn a rá nár shamhlaigh muid 10 mbliana ó shin cé chomh mór agus a d’fhásfadh an fhéile nuair a bhunaigh Edel, Caoimhe, Hannah agus Éanna an ócáid – ach le fírinne, níl iontas orm go bhfuil an éacht seo bainte amach acu. Is áit speisialta í Ráth Chairn agus is breá linn go mbíonn deis ag na Gael ceiliúradh speisialta a dhéanamh air sin chuile bliain.’
I ndiaidh an deireadh seachtaine a chaitheamh i measc scoth na ndaoine, ag éisteacht le scoth na gceoltóirí, ní bheidh mé ag ceistniú arís cén fáth a dtaistealaíonn daoine trasna an domhain fá choinne féile ceoil. Dá mbeadh Huartan, Clann Mhic Ruairí agus Polca 4 agat, mheallfá slua áit ar bith.
Níl a fhios agam cé chomh fada is a thaistealaíonn daoine chuig Electric Picnic, Longitude ná Forbidden Fruit. Ach bheinn lánchinnte de rud amháin: níl pobal ar bith chomh dílis, chomh paiseanta ná chomh bródúil as a fhéile féin agus atá pobal na Gaeilge le Féile na Gealaí. Mar a dúirt Sinéad O’Connor, Nothing Compares 2 U, a Fhéile na Gealaí x