Le tús Chorn an Domhain sa sacar faoi lánseol anois, mar a bhíonn gach ceithre bliana, tá fadhbanna móra ag baint le ceann amháin de na trí thír óstacha agus a gcumas ócáid spóirt domhanda den chineál seo a óstáil i gceart. Bhí a lán conspóide ann leis na Stáit Aontaithe a bheith mar óstach nuair a fógraíodh gur éirigh lena dtairiscint in 2018, mar a bhí i leith an chomórtais thiar in 1994, sa chaoi nach bhfuil an méid céanna spéise sa sacar sna Stáit Aontaithe agus atá i bhformhór thíortha an domhain, chomh maith leis an droch-chaidreamh a bhíonn acu le neart tíortha eile ar fud an domhain.
Do chomórtas Chorn an Domhain 2026 is iad Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus Meicsiceo na tíortha óstacha, agus beidh 48 foireann san iomaíocht chun an Corn a bhuachan. Seo an tríú comórtas is fiche ó thosaigh sé in 1930. Ní raibh sé ar siúl in 1942 agus 1946 mar gheall ar an Dara Cogadh Domhanda. Níl an corn buaite ach ag ocht dtír: an Bhrasaíl 5 huaire, an Ghearmáin 4 huaire, an Iodáil 4 huaire, an Airgintín, na curaidh reatha, 3 huaire, an Fhrainc dhá uair, an Urugua dhá uair, an Spáinn uair amháin agus Sasana uair amháin.