Tá Dún Garbhán agus Gaeltacht na nDéise ag ullmhú do dheireadh seachtaine lán le ceol, cultúr agus spraoi agus Féile Mheithimh le bheith ar siúl ón 12 go dtí an 14 Meitheamh.
Tá clár fairsing imeachtaí curtha le chéile ag lucht eagraithe na féile, le rud éigin ann do gach aoisghrúpa agus do gach leibhéal Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an bhféile daoine a thabhairt le chéile chun an teanga a úsáid agus a cheiliúradh i suíomh cairdiúil agus fáilteach.
I measc bhuaicphointí na féile beidh seisiún eolais faoi dheiseanna sna healaíona trí mheán na Gaeilge i Leabharlann Dhún Garbhán, Oíche Tapas agus ócáid shóisialta in Merry’s Gastro Pub, chomh maith le Tob-Ghaeltacht le ceol beo oíche Dé hAoine.
Leanfaidh an fhéile ar aghaidh Dé Sathairn le seisiún sabhna trí Ghaeilge, ceardlann cheardaíochta teaghlaigh cois cósta, ceardlann maisithe cístí agus seisiún ceoil na féile. Dé Domhnaigh beidh bricfeasta pobail agus seisiún ióga do theaghlaigh i bPáirc Walton mar chuid de na himeachtaí.
Dúirt Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, gur deis ar leith í an fhéile chun an nasc idir Gaeltacht na nDéise agus Dún Garbhán a neartú.
“Is deis iontach í Féile Mheithimh chun an nasc idir ár nGaeltacht agus ár mBaile Seirbhíse Gaeltachta a cheiliúradh. Bíonn an dá ghrúpa ag obair i rith na bliana chun deiseanna a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa araon le foghlaim, le sóisialú agus le forbairt mar phobal,” a dúirt sí.
Dún Garbhán le Gaeilge agus Comhlucht Forbartha na nDéise a eagraíonn a fhéile trína bpleananna teanga faoi seach. Tá lucht eagraithe ag moladh do dhaoine ticéid a chur in áirithe roimh ré agus súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na féile le haghaidh aon nuashonruithe i rith an deireadh seachtaine.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gclár agus faoi thicéid, lean Dún Garbhán le Gaeilge ar Instagram, TikTok agus Facebook, nó déan teagmháil le Bróna Coleman ag dungarbhanlegaeilge@gmail.com.