Séamus Ó Cathasaigh
Ar an 30 Bealtaine osclaíodh go hoifigiúil Ionad Pobail Áine Ní Dheagláin i Saoirsí Bhaile Átha Cliath. Chuir an fhoireann taobh thiar den tionscnamh fáilte roimh mhuintir na háite freastal ar chruinniú poiblí agus cóisir shráide sa seanteach tábhairne ar Shráid an tSeomraigh.Taobh thiar den bheár, nach ndíolfar alcól uaidh go deo arís ghealltar, chuir an fhoireann tús léis an gcruinniú le buíochas a ghabháil as an gcabhair ón bpobal leis an áit a ullmhú. Phléigh siad aidhm an spáis, le hacmhainní pobail a chur ar fáil do mhuintir na Saoirsí, agus le taispeáint go bhfuil cumhacht ag an ngnáthduine a cheantar féin a athrú. Beidh clubanna agus ceardlanna ar siúil ann, idir pholaitiúil agus eile, agus beidh lánchumhacht ag na daoine áitiúla ócáidí a chur le chéile dóibh féin.
Labhair gníomhaithe ón gceantar faoi thábhacht spásanna pobail le comharsanacht agus cultúr na Saoirsí a choinneáil, agus an chaoi ina bhfuil siad faoi bhrú ag an uaisliú agus ag an ngearrchéim thithíochta. Leagadh milleán mór ar an gcomhlacht Teeling’s Black Sheep Investments, úinéirí fhoirgneamh an ionaid agus neart eile sa cheantar.
Tabharfar aird ar leith don teanga náisiúnta. Labhair an t-údar Naoise Dolan faoina pleananna cúis na Gaeilge a nascadh le haidhmeanna frithchaipitleacha eile an tionscnaimh, agus tábhacht stair Ghaelach an cheantair. Go háirithe, ba mhaith léi spás ealaíonta a chothú don chultúr Gaelach, don sean-nós agus don scéalaíocht, agus go dtuigfidh cosmhuintir na cathrach seo gurb í a dteanga féin í fosta.
Is ionad pobail sa traidisiún Eorpach é seo, i bhfoirgneamh folamh faoi shealbh ag creach-chiste. Beidh cás an ionaid isteach agus amach ó na cúirteanna i rith an tsamhraidh agus comhlacht Teeling ag iarraidh an tionscnamh a dhíbirt óna réadmhaoin. Mura n-éiríonn leo an spás a choinneáil, áfach, dúradh nach bhfuil aon easpa foirgnimh fholmha sna Saoirsí.